Airteagal 14
An tairseach gréasáin le haghaidh sonraí sa phas táirge digiteach
Déanfaidh an Coimisiún tairseach gréasáin a chur ar bun agus a bhainistiú, ar tairseach é a mbeidh rochtain ag an bpobal uirthi agus lena gcuirfear ar chumas geallsealbhóirí sonraí a áirítear i bpasanna táirge digiteacha a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile. Dearfar an tairseach gréasáin ar shlí lena ráthófar gur féidir le geallsealbhóirí na sonraí a chuardach agus a chur i gcomparáid le chéile ar bhealach atá comhsheasmhach lena gcearta rochtana faoi seach a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.