I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó i gcás ina gcuirfear in iúl dó, nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra
◄ , nó go bhfuil sé ag mainneachtain a chuid oibleagáidí a chomhall, déanfaidh an t-údarás sin an fógra a shrianadh, a chur ar fionraí, nó a tharraingt siar, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin láithreach dá réir.