3. Oibreoidh na húdaráis inniúla i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, agus féadfaidh siad oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Bunóidh an Coimisiún líonra d’údaráis inniúla chun an comhar a chothú, líonra ina leagfar amach na socruithe is gá maidir le faisnéis a mhalartú, go háirithe maidir le faireachán, rialáil agus comhlíonadh, agus dea-chleachtais agus chun gur féidir comhairliúcháin a dhéanamh. Tacóidh na pointí teagmhála arna mbunú laistigh de na húdaráis inniúla leis na gníomhaíochtaí sin.