7. Faoin 5 Lúnasa 2025, sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an méid seo a leanas:
|
(a)
|
na híosteorainneacha braite agus na teicnící braite atá le húsáid i gcás na bhfeistí braite éagsúla a úsáidtear chun na ceanglais maidir leis na comhpháirteanna uile i mír 8 a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
na tairseacha is infheidhme maidir leis an gcéad chéim de shuirbhéanna LDAR atá le húsáid chun na ceanglais maidir le comhpháirteanna faoi thalamh i mír 8 a chomhlíonadh.
|
Bunófar na híosteorainneacha braite, na teicnící agus na tairseacha sin ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus ar na teicnící braite is fearr atá ar fáil, agus na cineálacha éagsúla comhpháirteanna agus suirbhéanna LDAR á gcur san áireamh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3).
Go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme sin, chun ceanglais mhír 8 a chomhlíonadh, bainfidh oibreoirí úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil agus as na teicnící braite is fearr atá ar fáil, i gcomhréir le sonraíochtaí an mhonaróra maidir le hoibriú agus cothabháil.