10. I gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar amach i mír 9, an séú fomhír, pointí (a) go (e), agus ina bhfuil gá le múchadh córais sula bhféadfar an deisiú nó an t-athsholáthar a dhéanamh, íoslaghdóidh oibreoirí an sceitheadh laistigh de 24 uair an chloig tar éis an bhraith agus deiseoidh siad an sceitheadh faoi dheireadh an chéad mhúchadh córais sceidealaithe eile nó laistigh de bhliain, cibé acu is luaithe, mura rud é go bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an méid meatáin a scaoiltear le linn oibríochtaí deisiúcháin i bhfad níos airde ná an méid meatáin a sceithfeadh in éagmais deisiúcháin, nó mura bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh saincheisteanna maidir le slándáil an tsoláthair i gcórais bheaga nasctha mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2019/944 mar thoradh ar dheisiú níos luaithe a dhéanamh.
Soláthróidh an t-oibreoir, gan mhoill, an fhianaise uile is gá lena dtugtar údar lena chinneadh moill a chur leis an deisiú do na húdaráis inniúla.
Beidh cinneadh maidir le moill a chur leis an deisiú mar gheall ar chúinsí sábháilteachta, riaracháin agus teicniúla faoi réir formheas ó na húdaráis inniúla agus áireofar é sna sceidil deisiúcháin agus faireacháin. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar an oibreoir lena mbaineann na sceidil deisiúcháin agus faireacháin a leasú agus ceanglais an Rialacháin seo á gcur san áireamh.