1. Ón 1 Eanáir 2025, tabharfaidh oibreoirí stáisiúin draenála fógra do na húdaráis inniúla maidir le gach teagmhas scaoilte agus bladhmtha a bhfuil leibhéal éifeachtúlachta scriosta agus bainte trí dhearadh acu faoi bhun 99 % agus:
|
(a)
|
arb é éigeandáil nó mífheidhm is cúis leo,
|
|
(b)
|
a tharlaíonn go dosheachanta, de bharr chothabháil an chórais draenála.
|
Déanfar an fógra sin i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, gan mhoill, tar éis an teagmhais agus laistigh de 48 n-uair an chloig ar a dhéanaí ón tráth a thosaigh an teagmhas nó ón tráth ar tháinig an t-oibreoir ar an eolas faoi.