+Airteagal 53 Rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine
---+Airteagal 53 1
---+Airteagal 53 2
---+Airteagal 53 3

Airteagal 53 Rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1

1.   Beidh rannpháirtíocht sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine oscailte do ghnóthais hidrigine agus do ghnóthais a ídíonn hidrigin atá bunaithe san Aontas ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Cuirfear bac ar na gnóthais sin páirt a ghlacadh mar sholáthróirí agus mar cheannaitheoirí má tá siad:

(a)

faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó

(b)

faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 53 2

2.   Cuirfear oibleagáidí conarthacha i bhfeidhm chun a áirithiú nach gcuirfear aon chistí ná acmhainní eacnamaíocha ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí, nó chun a dtairbhe, má tá siad:

(a)

faoi réir bhearta sriantacha an Aontais arna nglacadh de bhun Airteagal 29 CAE nó Airteagal 215 CFAE, arb é atá iontu toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil nó a aistriú nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar dóibh go díreach nó go hindíreach, nó reo sócmhainní; nó

(b)

faoi úinéireacht nó faoi rialú, go díreach nó go hindíreach, ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin an Aontais, nó ag gníomhú thar ceann nó faoi threoir na ndaoine sin, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 53 3

3.   Féadfaidh gnóthais gáis nádúrtha agus gnóthais a ídíonn hidrigin atá bunaithe i bPáirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh páirt a ghlacadh sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine ar choinníoll go mbeidh na bearta nó na socruithe is gá i bhfeidhm chun a gcuid rannpháirtíochta sa sásra chun tacú leis an bhforbairt margaidh hidrigine a cheadú de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 52 agus 54.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.