+Airteagal 15 3

Airteagal 15 3

3.   Cuirfidh gach Ballstát na gnéithe seo a leanas ar áireamh sa phlean athchóirithe náisiúnta, agus an fhormáid aonfhoirmeach a bhunaítear i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo á húsáid acu:

(a)

cainníochtú na limistéar atá le hathchóiriú chun na spriocanna athchóiriúcháin a leagtar amach in Airteagail 4 go 12 a chomhlíonadh bunaithe ar an obair ullmhúcháin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus léarscáileanna táscacha de na limistéir fhéideartha atá le hathchóiriú;

(b)

má chuireann Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagail 4(5) nó 5(3) i bhfeidhm, údar maidir leis na cúiseanna nach féidir bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm faoi 2050, ar bearta iad atá riachtanach chun an limistéar tagartha fabhrach de chineál gnáthóige sonrach a bhaint amach agus údar leis an gcéatadán níos ísle a shocraítear de bhun na nAirteagal sin, arna shainaithint ag an mBallstát sin;

(c)

tuairisc ar na bearta athchóiriúcháin atá beartaithe, nó curtha i bhfeidhm, chun na spriocanna athchóiriúcháin a bhaint amach agus na hoibleagáidí a chomhlíonadh, ar spriocanna agus oibleagáidí iad a leagtar amach in Airteagail 4 go 13 den Rialachán seo, agus sonraíocht maidir le cé acu de na bearta athchóiriúcháin sin atá beartaithe, nó curtha i bhfeidhm, laistigh de líonra Natura 2000 arna bhunú i gcomhréir le Treoir 92/43/CEE;

(d)

roinn thiomnaithe ina leagtar amach na bearta chun na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(9) agus Airteagal 5(7) a bhaint amach;

(e)

má chuireann Ballstát an maolú a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Rialachán seo i bhfeidhm, údar leis an gcaoi nach gcuireann na céatadáin arna socrú i gcomhréir leis an Airteagal sin cosc ar an stádas caomhantais fabhrach le haghaidh na gcineálacha gnáthóige ábhartha, arna gcinneadh de bhun Airteagal 1, pointe (e), de Threoir 92/43/CEE, a bhaint amach nó a choinneáil ar an leibhéal bithgheografach náisiúnta;

(f)

léiriú ar na bearta agus é mar aidhm leo a áirithiú nach dtiocfaidh meathlú ar na limistéir a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinn I agus II sna limistéir ina bhfuil dea-bhail bainte amach agus nach dtiocfaidh meathlú suntasach ar ghnáthóga na speiceas dá dtagraítear in Airteagal 4(7) agus Airteagal 5(5) sna limistéir ina bhfuil cáilíocht leordhóthanach ar ghnáthóga na speiceas bainte amach, i gcomhréir le hAirteagal 4(11) agus le hAirteagal 5(9);

(g)

i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear Airteagal 4(13) i bhfeidhm ina chríoch, lena n-áirítear:

(i)

míniú ar chóras na mbeart cúitimh atá le déanamh i gcás gach meathlaithe shuntasaigh, chomh maith le míniú ar an bhfaireachán agus tuairisciú is gá a dhéanamh ar mheathlú suntasach chineálacha gnáthóige agus ghnáthóga na speiceas agus ar na bearta cúitimh a dhéanfar;

(ii)

míniú ar an gcaoi a n-áiritheofar nach ndéanfaidh cur chun feidhme Airteagal 4(13) difear do bhaint amach na spriocanna ná do chomhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5;

(h)

tásc maidir leis na bearta agus é mar aidhm leo na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II a choinneáil i ndea-bhail i limistéir ina bhfaightear iad agus nach dtiocfaidh meathlú suntasach ar na limistéir eile a chumhdaítear leis na cineálacha gnáthóige a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II, i gcomhréir le hAirteagal 4(12) agus le hAirteagal 5(10);

(i)

fardal na mbacainní agus na bacainní a shainaithnítear chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 9(1), an plean chun iad a bhaint i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus fad na n-aibhneacha saorchúrsála atá le baint amach trí na bacainní sin a bhaint a mheastar ó 2020 go 2030 agus faoi 2050, agus aon bheart eile chun feidhmeanna nádúrtha na dtuilemhánna a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 9(3);

(j)

cuntas ar na táscairí le haghaidh éiceachórais thalmhaíochta arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 11(2), agus ar a n-oiriúnacht chun feabhsú na bithéagsúlachta in éiceachórais thalmhaíochta laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú;

(k)

údar, i gcás inarb infheidhme, le talamh móna a athfhliuchadh ar leibhéal níos ísle ná mar a leagtar amach in Airteagal 11(4), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c);

(l)

cuntas ar na táscairí le haghaidh éiceachórais foraoise arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 12(3), agus ar a n-oiriúnacht chun feabhsú na bithéagsúlachta in éiceachórais foraoise laistigh den Bhallstát lena mbaineann a léiriú;

(m)

tuairisc ar an rannchuidiú leis an ngealltanas dá dtagraítear in Airteagal 13;

(n)

an creat ama maidir leis na bearta athchóiriúcháin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 12;

(o)

roinn thiomnaithe ina leagtar amach bearta athchóiriúcháin saincheaptha sna réigiúin is forimeallaí, de réir mar is infheidhme;

(p)

an faireachán ar na limistéir atá faoi réir athchóiriú i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 5, an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart athchóiriúcháin a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagail 4 go 12 agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin nuair is gá chun a áirithiú go mbainfear amach agus go gcomhlíonfar, faoi seach, na spriocanna agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 4 go 13;

(q)

léiriú ar na forálacha maidir le héifeachtaí leanúnacha, fadtéarmacha agus marthanacha na mbeart athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 12 a áirithiú;

(r)

na comhthairbhí a mheastar a bheidh ann maidir le maolú ar an athrú aeráide agus neodracht ó thaobh díghrádú talún de a bhaineann leis na bearta athchóiriúcháin le himeacht ama;

(s)

na tionchair shocheacnamaíocha intuartha agus na sochair mheasta a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart athchóiriúcháin dá dtagraítear in Airteagail 4 go 12;

(t)

roinn thiomnaithe ina leagtar amach an chaoi a meastar na nithe seo a leanas sa phlean athchóirithe náisiúnta:

(i)

ábharthacht na gcásanna athraithe aeráide do phleanáil chineál agus shuíomh na mbeart athchóiriúcháin;

(ii)

acmhainneacht beart athchóiriúcháin chun tionchair an athraithe aeráide ar an dúlra a íoslaghdú, chun éifeachtaí tubaistí nádúrtha a chosc nó a mhaolú agus chun tacú le hoiriúnú;

(iii)

sineirgí le straitéisí nó le pleananna náisiúnta um oiriúnú agus tuarascálacha náisiúnta maidir le measúnú riosca tubaistí;

(iv)

forléargas ar an idirghníomhú idir na bearta atá sa phlean athchóirithe náisiúnta agus sa phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(u)

na riachtanais mhaoiniúcháin mheasta le haghaidh chur chun feidhme na mbeart athchóiriúcháin, lena n-áireofar tuairisc ar an tacaíocht do na geallsealbhóirí a ndéanann na bearta athchóiriúcháin nó oibleagáidí nua eile a eascraíonn as an Rialachán seo difear dóibh, agus an modh maoinithe atá beartaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear maoiniú nó cómhaoiniú le hionstraimí cistiúcháin an Aontais;

(v)

léiriú ar na fóirdheontais a dhéanann difear diúltach do bhaint amach na spriocanna agus do chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo;

(w)

achoimre ar an bpróiseas chun an plean athchóirithe náisiúnta a ullmhú agus a bhunú, lena n-áirítear faisnéis maidir le rannpháirtíocht an phobail agus maidir leis an gcaoi ar breithníodh riachtanais na bpobal áitiúil agus na ngeallsealbhóirí;

(x)

roinn thiomnaithe ina léirítear an chaoi ar cuireadh barúlacha ón gCoimisiún maidir leis an dréachtphlean athchóirithe náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 17(4) san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 17(5); mura dtugann an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar bharúil ón gCoimisiún nó ar chuid shubstaintiúil de, soláthróidh an Ballstát sin a chúiseanna.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 29.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1991
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.