+Airteagal 25 1

Airteagal 25 1

1.   Faoin 17 Meitheamh 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo a cuspóirí a bhaint amach agus ar an ngá atá le hí a leasú chun ceanglais níos sonraí a leagan síos chun a cuspóirí a bhaint amach. Cuirfear san áireamh, inter alia, sa mheastóireacht sin na heilimintí seo a leanas:

(a)

an taithí a fuarthas tríd an Treoir seo a chur chun feidhme;

(b)

na sonraí agus an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19;

(c)

sonraí ábhartha eolaíocha agus anailíseacha, lena n-áirítear torthaí ó thionscadail taighde arna gcistiú ag an Aontas;

(d)

anailís ar an dul chun cinn atá le déanamh fós chun ithreacha sláintiúla a bhaint amach faoi 2050;

(e)

anailís ar éifeachtacht na tacaíochta a chuireann na Ballstáit ar fáil chun sláinte ithreach agus athléimneacht ithreach a fheabhsú;

(f)

anailís ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le forálacha na Treorach seo a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, go háirithe maidir leis na míreanna seo a leanas:

(i)

ithreacha sláintiúla a shainmhíniú;

(ii)

critéir a bhunú le haghaidh na dtuairisceoirí ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, agus le haghaidh na dtáscairí séalaithe ithreach agus bainte ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid D;

(iii)

tuairisceoirí ithreach nua a chur isteach chun críoch faireacháin nó chun tuairisceoirí ithreach agus critéir atá ann cheana le haghaidh riocht sláintiúil ithreach a liostaítear in Iarscríbhinn I a choigeartú;

(iv)

na spriocluachanna inbhuanaithe neamhcheangailteacha agus na truicearluachanna oibríochtúla do na tuairisceoirí ithreach de bhun Airteagal 7(2) agus Iarscríbhinn I, Codanna A agus B, agus aird á tabhairt, inter alia, ar an gcuspóir cothrom iomaíochta a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach;

(v)

an fhéidearthacht céatadán níos airde a bhunú d’fhothacar pointí samplála arna roghnú chun anailís a dhéanamh ar na tuairisceoirí bithéagsúlachta ithreach dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Cuid C, bunaithe ar thorthaí an chéad timthrialla faireacháin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025L2360
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.