3. Na príomhchineálacha gníomhaíochta atá le déanamh faoi Chlár Euratom 2026-2027, leagtar amach agus sainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/695 iad, amhail gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, gníomhaíochtaí nuálaíochta, gníomhaíochtaí nuálaíochta agus cur in úsáid sa mhargadh, gníomhaíochtaí oiliúna agus soghluaisteachta, gníomhaíochtaí comhchistiúcháin cláir, gníomhaíochtaí soláthair réamhthráchtála, soláthar poiblí gníomhaíochtaí um réitigh nuálacha, gníomhaíochtaí comhordaithe agus tacaíochta, duaiseanna dreasachta agus duaiseanna aitheantais.
Na foirmeacha cistiúcháin dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, úsáidfear iad ar bhealach solúbtha síos trí gach cuspóir de Chlár Euratom 2026-2027 agus cinnfear an úsáid a bheidh leo ar bhonn riachtanais agus saintréithe na gcuspóirí ar leith.