6. Bunóidh oibreoir SIPS rialacha agus nósanna imeachta chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais a eascraíonn go díreach as mainneachtain rannpháirtí amháin nó níos mó maidir lena n-oibleagáidí i leith an SIPS. Leis na rialacha agus na nósanna imeachta sin tabharfar aghaidh ar leithdháileadh caillteanas a d’fhéadfadh a bheith neamhchumhdaithe, lena n-áirítear aisíoc aon chistí a gheobhaidh oibreoir SIPS ar iasacht ó sholáthraithe leachtachta. Áireofar iontu rialacha agus nósanna imeachta an oibreora SIPS maidir le hathshlánú aon acmhainní airgeadais a úsáideann an SIPS le linn teagmhas struis, go dtí an leibhéal a leagtar síos i míreanna 4 agus 5.