13. Doicimeádóidh oibreoir SIPS na cúiseanna atá aige leis an airgead tirim agus na sócmhainní eile a choimeádann sé féin nó a rannpháirtithe a bheith ina sheilbh aige, agus beidh socruithe rialachais iomchuí i bhfeidhm aige maidir leis an airgead tirim agus na sócmhainní sin. Bunóidh sé nósanna imeachta soiléire chun torthaí a thástálacha struis a thuairisciú don Bhord agus bainfidh sé úsáid as na torthaí sin chun meastóireacht a dhéanamh ar leordhóthanacht a chreata bainistithe riosca leachtachta agus chun coigeartuithe a dhéanamh ar an gcreat sin.