4. Chun an méid dá dtagraítear i mír 3 a chumhdach, sealbhóidh oibreoir SIPS glansócmhainní leachtacha arna gcistiú ag cothromas, e.g., stoc coiteann, cúlchistí nochta nó tuilleamh carntha eile, chun go mbeidh ar a chumas leanúint d’oibríochtaí agus de sheirbhísí mar ghnóthas leantach. Beidh na sócmhainní sin de bhreis ar acmhainní arna sealbhú chun mainneachtain rannpháirtí nó rioscaí eile atá cumhdaithe faoi Airteagal 11 agus faoi Airteagal 13 a chumhdach. Féadfar cothromas arna shealbhú faoi chaighdeáin chaipitil rioscabhunaithe idirnáisiúnta a chur san áireamh chun ceanglais chaipitil dhúblacha a sheachaint.