3. Bunóidh oibreoir SIPS clár tástála chun tástáil rialta a dhéanamh ar éifeachtacht oibríochtúil phróisis, nósanna imeachta agus rialuithe uile an chreata cibear-athléimneachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Mar chuid den chlár tástála sin, déanfaidh an t-oibreoir SIPS tástálacha treáite bunaithe ar bhagairtí TIBER-AE lena mbaineann úsáid teicnící chun ionsaí a ionsamhlú ar fheidhmeanna criticiúla agus ar chórais fholuiteacha SIPS mar a leagtar amach faoi chreat TIBER-EU.
I gcás ina sainaithnítear brainse mar oibreoir SIPS, féadfaidh an t-údarás inniúil torthaí tástála treáite arna déanamh ag an eintiteas dlítheanach a bhfuil an brainse ina chuid atá spleách ar an dlí de a chur san áireamh más féidir a mheas gur cleachtadh inchomparáide le tástáil TIBER-AE í an tástáil treáite sin, agus má ghabhann sí éifeachtacht rialuithe agus chórais ábhartha an bhrainse freisin.