2. Agus na pleananna bainistithe riosca dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo á gcur ar fáil don phobal acu, ní nochtfaidh údaráis inniúla go poiblí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, mír 1 pointe (b). Féadfaidh údaráis inniúla codanna den fhaisnéis eile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), den Airteagal seo, a fhágáil ar lár más rud é go ndéanfadh nochtadh na faisnéise dochar do shábháilteacht na suiteálacha lena mbaineann nó do shábháilteacht an phobail áitiúil, nó aon cheann de na leasanna a liostaítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (h), de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21). Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na codanna den fhaisnéis a mheasann siad nach bhfuil le nochtadh go poiblí a shainaithint.