1. Is é is aidhm don Rialachán seo soláthar éifeachtúil measúnuithe comhsheasmhacha guaise agus riosca ar cheimiceáin a áirithiú i gcás ina gceanglaítear na measúnuithe sin le gníomhartha dlí de chuid an Aontais, chun leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach, chun forbairt agus úsáid ceimiceán sábháilte agus inbhuanaithe a chumasú, chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le haghaidh ceimiceán a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar eolas agus muinín shaoránaigh an Aontais sa bhonn eolaíoch le haghaidh na gcinntí a dhéantar faoi ghníomhartha dlí de chuid an Aontais maidir le ceimiceáin agus rannchuidiú a dhéanamh le tástáil ar ainmhithe a ionadú agus a laghdú nuair is féidir.