2. Roghnóidh an Coimisiún na ceimiceáin chun críocha na faireachlainne dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn an dul chun cinn eolaíoch agus theicniúil agus trí úsáid a bhaint as comharthaí an chórais luathrabhaidh dá dtagraítear in Airteagal 22. Áireofar sa roghnú rannchuiditheoirí féideartha le rioscaí ceimiceacha nua agus rioscaí ceimiceacha atá ag teacht chun cinn i measc ábhair nuálacha a dearadh go réasúnach le hairíonna nua nó breisithe nó gnéithe struchtúracha spriocdhírithe nó breisithe ar nanascála.