+Airteagal 19 Meastóireacht agus tuairisciú
---+Airteagal 19 2
---+Airteagal 19 (a)
---+Airteagal 19 (b)
---+Airteagal 19 (c)
---+Airteagal 19 (d)
---+Airteagal 19 (e)
---+Airteagal 19 (f)
---+Airteagal 19 (g)

Airteagal 19 Meastóireacht agus tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise an chuspóra a shaothraíonn sé agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 3 Nollaig 2034.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19 2

Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

Airteagal 19 (a)

anailís ar na hiarmhairtí ar na heintitis iompair agus mhoil agus ar na hidirghabhálaithe sonraí maidir leis na costais riaracháin a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

Airteagal 19 (b)

measúnú ar conas úsáid sonraí príomhúla a dhreasú a thuilleadh;

Airteagal 19 (c)

anailís ar éifeachtaí ceanglais éigeantaigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a chainníochtú agus a nochtadh, i gcomhréir leis an Rialachán seo de réir mar is infheidhme maidir le heintitis iompair agus mhoil;

Airteagal 19 (d)

measúnú ar a indéanta atá sé an truailliú aeir a ríomh arb iad seirbhísí iompair is cúis leis;

Airteagal 19 (e)

measúnú ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun a áirithiú go bhfuil an Rialachán seo go hiomlán inrochtana;

Airteagal 19 (f)

anailís ar an gcaoi a nochtann idirghabhálaithe sonraí sonraí aschuir de bhun an Rialacháin seo agus na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an nochtadh sin ar na roghanna a dhéanann comhlachtaí poiblí, fiontair agus tomhaltóirí;

Airteagal 19 (g)

measúnú ar a indéanta atá sé an mhodheolaíocht choiteann a fhorlíonadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le táirgeadh, cothabháil agus diúscairt feithiclí a chur san áireamh freisin; áireofar sa mheasúnú sin tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú chun caighdeán a bhfuil glacadh domhanda leis a fhorbairt bunaithe ar astaíochtaí saolré.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.