2. Áiritheoidh na heintitis ábhartha leibhéal slándála córas gréasán agus faisnéise is iomchuí do na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm cheanglais theicniúla agus mhodheolaíochta na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Chun na críche sin, tabharfaidh siad aird chuí ar a mhéid atá siad neamhchosanta ar riosca, ar a méid agus ar an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhais agus ar a ndéine, lena n-áirítear a dtionchar sochaíoch agus eacnamaíoch, agus ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta na mbeart bainistíochta riosca cibearshlándála a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh acu.
I gcás ina ndéantar foráil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo go gcuirfear ceanglas teicniúil nó modheolaíochta maidir le beart bainistíochta riosca cibearshlándála i bhfeidhm ‘i gcás inarb iomchuí’, ‘i gcás inarb infheidhme’ nó ‘a mhéid is féidir’, agus i gcás ina measann eintiteas ábhartha nach iomchuí, nach infheidhme nó nach indéanta don eintiteas ábhartha ceanglais theicniúla agus mhodheolaíochta áirithe den sórt sin a chur i bhfeidhm, déanfaidh an t-eintiteas ábhartha a réasúnú chuige sin a dhoiciméadú ar bhealach sothuigthe.