+4.2. Bainistiú cúltaca agus iomarcaíochta
---+4.2.1. Coinneoidh na heintitis ábhartha cóipeanna cúltaca de na sonraí ar bun agus soláthróidh siad …
---+4.2.2. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean …
---+4.2.3. Déanfaidh na heintitis ábhartha seiceálacha sláine rialta ar na cóipeanna cúltaca.
---+4.2.4. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean …
---+4.2.5. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na heintitis ábhartha go mbeidh ceanglais chúltaca agus …
---+4.2.6. Déanfaidh na heintitis ábhartha tástáil rialta ar athshlánú na gcóipeanna cúltaca agus na …
|
4.2. Bainistiú cúltaca agus iomarcaíochta
4.2. Bainistiú cúltaca agus iomarcaíochta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
4.2.1. Coinneoidh na heintitis ábhartha cóipeanna cúltaca de na sonraí ar bun agus soláthróidh siad …
|
|
4.2.1.
|
Coinneoidh na heintitis ábhartha cóipeanna cúltaca de na sonraí ar bun agus soláthróidh siad acmhainní leordhóthanacha atá ar fáil, lena n-áirítear saoráidí, córais gréasán agus faisnéise agus foireann, chun leibhéal iomchuí iomarcaíochta a áirithiú.
|
|
|
4.2.2. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean …
|
|
4.2.2.
|
Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean leanúnachais gnó, leagfaidh na heintitis ábhartha síos pleananna cúltaca lena gcuimseofar an méid seo a leanas:
|
(b)
|
dearbhú go bhfuil cóipeanna cúltaca iomlán agus cruinn, lena n-áirítear sonraí cumraíochta agus sonraí a stóráiltear i dtimpeallacht seirbhíse néalríomhaireachta;
|
|
(c)
|
cóipeanna cúltaca a stóráil (ar líne nó as líne) in áit shábháilte nó in áiteanna sábháilte, nach bhfuil sa ghréasán céanna leis an gcóras, agus fad leordhóthanach ó aon damáiste ó thubaiste ar an bpríomhláithreán;
|
|
(d)
|
rialuithe rochtana fisiciúla agus loighciúla iomchuí ar chóipeanna cúltaca, i gcomhréir leis an leibhéal aicmiúcháin sócmhainní;
|
|
(e)
|
sonraí a athbhunú ó chóipeanna cúltaca;
|
|
(f)
|
tréimhsí coinneála bunaithe ar cheanglais ghnó agus rialála.
|
|
|
|
4.2.3. Déanfaidh na heintitis ábhartha seiceálacha sláine rialta ar na cóipeanna cúltaca.
|
|
4.2.3.
|
Déanfaidh na heintitis ábhartha seiceálacha sláine rialta ar na cóipeanna cúltaca.
|
|
|
4.2.4. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean …
|
|
4.2.4.
|
Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh de bhun phointe 2.1 agus an phlean leanúnachais gnó, áiritheoidh na heintitis ábhartha go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil trí iomarcaíocht pháirteach na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
córais gréasán agus faisnéise;
|
|
(b)
|
sócmhainní, lena n-áirítear saoráidí, trealamh agus soláthairtí;
|
|
(c)
|
pearsanra a bhfuil an fhreagracht, an t-údarás agus an inniúlacht is gá acu;
|
|
(d)
|
bealaí cumarsáide iomchuí.
|
|
|
|
4.2.5. I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na heintitis ábhartha go mbeidh ceanglais chúltaca agus …
|
|
4.2.5.
|
I gcás inarb iomchuí, áiritheoidh na heintitis ábhartha go mbeidh ceanglais chúltaca agus iomarcaíochta ina mbonn eolais don fhaireachán agus don choigeartú a dhéanfar ar acmhainní, lena n-áirítear saoráidí, córais agus pearsanra.
|
|
|
4.2.6. Déanfaidh na heintitis ábhartha tástáil rialta ar athshlánú na gcóipeanna cúltaca agus na …
|
|
4.2.6.
|
Déanfaidh na heintitis ábhartha tástáil rialta ar athshlánú na gcóipeanna cúltaca agus na n-iomarcaíochtaí chun a áirithiú gur féidir brath orthu i ndálaí athshlánaithe agus chun na cóipeanna, na próisis agus an t-eolas a chumhdach chun athshlánú éifeachtach a chur i gcrích. Déanfaidh na heintitis ábhartha torthaí na dtástálacha a dhoiciméadú agus, i gcás inar gá, déanfaidh siad gníomhaíocht cheartaitheach.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|