+6.7.2. Chun críoch phointe 6.7.1, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas: (a) …
|
6.7.2. Chun críoch phointe 6.7.1, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas: (a) …
|
6.7.2.
|
Chun críoch phointe 6.7.1, déanfaidh na heintitis ábhartha an méid seo a leanas:
|
(a)
|
ailtireacht an ghréasáin a dhoiciméadú ar bhealach intuigthe agus cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
rialuithe a chinneadh agus a chur i bhfeidhm chun fearainn ghréasáin inmheánacha na n-eintiteas ábhartha a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe;
|
|
(c)
|
rialuithe a chumrú chun rochtain agus cumarsáid gréasáin, nach bhfuil gá leo chun na heintitis ábhartha a oibriú, a chosc;
|
|
(d)
|
rialuithe a chinneadh agus a chur i bhfeidhm maidir le cianrochtain ar chórais gréasán agus faisnéise, lena n-áirítear an rochtain atá ag soláthraithe seirbhíse;
|
|
(e)
|
ní úsáidfidh siad córais a úsáidtear chun cur chun feidhme an bheartais slándála a riar chun críoch eile;
|
|
(f)
|
naisc agus seirbhísí nach bhfuil gá leo a thoirmeasc nó a dhíghníomhachtú go sainráite;
|
|
(g)
|
i gcás inarb iomchuí, rochtain eisiach ar chórais gréasán agus faisnéise na n-eintiteas ábhartha a cheadú d’fheistí arna n-údarú ag na heintitis sin;
|
|
(h)
|
gan naisc soláthraithe seirbhíse a cheadú ach amháin tar éis iarraidh ar údarú agus ar feadh tréimhse shocraithe ama, amhail fad oibríochta cothabhála;
|
|
(i)
|
cumarsáid a bhunú idir córais ar leith trí bhealaí iontaofa amháin atá leithlisithe trí úsáid a bhaint as deighilt loighciúil, chripteagrafach nó fhisiceach ó bhealaí cumarsáide eile agus aitheantas dearbhaithe a sholáthar dá bpointí deiridh agus sonraí an chainéil a chosaint ar mhodhnú nó ar nochtadh;
|
|
(j)
|
plean cur chun feidhme a ghlacadh le haghaidh an aistrithe iomláin i dtreo na glúine is déanaí de phrótacail chumarsáide ar shraith an ghréasáin ar bhealach slán, iomchuí agus de réir a chéile, agus bearta a bhunú chun dlús a chur leis an aistriú sin;
|
|
(k)
|
plean cur chun feidhme a ghlacadh chun caighdeáin cumarsáide ríomhphoist nua-aimseartha idir-inoibritheacha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a imlonnú chun cumarsáid ríomhphoist a dhaingniú chun leochaileachtaí i ndáil le bagairtí a bhaineann le ríomhphost a mhaolú agus bearta a bhunú chun dlús a chur leis an imlonnú sin;
|
|
(l)
|
dea-chleachtais a chur i bhfeidhm maidir le slándáil DNS, agus maidir le slándáil ródaithe idirlín agus sláinteachas ródaithe tráchta a thagann ón ngréasán agus a théann chuig an ngréasán.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2690
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|