+Airteagal 3 Caidreamh le soláthraithe iompair
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
|
Airteagal 3 Caidreamh le soláthraithe iompair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Ní dhéanfaidh díoltóir córais:
(a)
coinníollacha míchothroma agus/nó coinníollacha nach mbeidh údar leo a chur le haon chonradh le hiompróir rannpháirteach nó a cheangal go nglacfaidh iompróir rannpháirteach le coinníollacha forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna gcineál nó ó ghnás na tráchtála, le rannpháirtíocht ina CAR;
(b)
a chur mar choinníoll chun a bheith rannpháirteach ina CAR nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach a bheith rannpháirteach an tráth céanna i gcóras eile nó nach bhféadfaidh iompróir rannpháirteach córais áirithinte mhalartacha, amhail a chóras áirithinte Idirlín féin agus a ionaid ghlaonna féin, a úsáid gan bhac.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Lódálfaidh agus próiseálfaidh díoltóir córais na sonraí arna soláthar ag na hiompróirí rannpháirteacha go léir leis an gcúram céanna agus leis an tráthúlacht chéanna, faoi réir na srianta sin amháin a bhaineann leis an modh lódála arna roghnú ag na hiompróirí éagsúla rannpháirteacha.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Nochtfaidh díoltóir córais go poiblí, mura bhfoilsítear ar shlí phoiblí eile é, má bhíonn sealbhán caipitil, díreach nó indíreach ag aeriompróir nó ag oibreoir iompair ar iarnród i ndíoltóir córais, nó má bhíonn sealbhán den sórt sin ag díoltóir córais in aeriompróir nó in oibreoir iompair ar iarnród, agus nochtfaidh sé méid an tsealbhán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0080
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|