1. Comhlachtaí earnála poiblí atá inniúil faoin dlí náisiúnta chun rochtain a dheonú nó a dhiúltú chun ceann amháin nó níos mó de na catagóirí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) a athúsáid, cuirfidh siad ar fáil go poiblí na coinníollacha maidir le hathúsáid den sórt sin a cheadú agus an nós imeachta chun an athúsáid a iarraidh tríd an bpointe faisnéise aonair dá dtagraítear in Airteagal 8. I gcás ina ndéanfaidh siad rochtain chun críoch athúsáide a dheonú nó a dhiúltú, féadfaidh na comhlachtaí inniúla dá dtagraítear in Airteagal 7(1) cúnamh a thabhairt dóibh.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní is gá ag comhlachtaí earnála poiblí chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh.