4. I gcás inar ceadaíodh athúsáid i gcomhréir le mír 3, pointí (b) agus (c), forchuirfidh na comhlachtaí earnála poiblí coinníollacha a chaomhnóidh sláine fheidhmiú na gcóras teicniúil arna n-úsáid sa timpeallacht shlán phróiseála. Forchoimeádfaidh an comhlacht earnála poiblí an ceart an próiseas, na modhanna agus aon torthaí ó phróiseáil sonraí a rinne an t-athúsáideoir a fhíorú chun sláine chosaint na sonraí a chaomhnú, agus forchoimeádfaidh sé an ceart cosc a chur ar úsáid torthaí ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear cearta agus leasanna tríú páirtithe i mbaol. Beidh an cinneadh úsáid na dtorthaí a thoirmeasc intuigthe agus trédhearcach don athúsáideoir.