11. Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, i gcás inarb ábhartha agus de réir mhéid a gcumas, treoir agus cúnamh a chur ar fáil d’athúsáideoirí agus iad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo.
Chun cúnamh a thabhairt do chomhlachtaí earnála poiblí agus d’athúsáideoirí, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear samhail de chlásail chonarthacha chun na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a chomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).