13. Féadfar a mheas le gníomhartha reachtaíochta sonracha de chuid an Aontais catagóirí áirithe sonraí neamhphearsanta atá i seilbh comhlachtaí earnála poiblí a bheith an-íogair chun críocha an Airteagail seo, i gcás ina bhféadfadh a n-aistriú go tríú tíortha cuspóirí beartais phoiblí an Aontais, amhail an tsábháilteacht agus an tsláinte phoiblí, a chur i mbaol, nó go bhféadfadh sé go mbeadh an riosca ann go n-ath-shainaithneofaí sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe. I gcás ina nglactar ionstraim den sórt sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 32 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha speisialta a leagan síos is infheidhme maidir le sonraí den sórt sin a aistriú chuig tríú tíortha.
Beidh na coinníollacha speisialta sin bunaithe ar chineál na gcatagóirí sonraí neamhphearsanta arna sainaithint i ngníomh reachtach shonrach de chuid an Aontais agus ar na forais go measann siad go bhfuil na catagóirí sin an-íogair, agus cuirfear san áireamh na rioscaí a bhaineann le sonraí neamhphearsanta, anaithnidithe a ath-shainaithint. Beidh siad neamh-idirdhealaitheach agus teoranta don mhéid is gá chun cuspóirí beartais phoiblí an Aontais arna sainaithint sa ghníomh sin a bhaint amach, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.
Má cheanglaítear amhlaidh le gníomhartha reachtacha sonracha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar a áireamh sna coinníollacha speisialta sin téarmaí is infheidhme maidir le haistriú nó socruithe teicniúla i ndáil leis sin, teorainneacha maidir le sonraí a athúsáid i dtríú tíortha nó i gcatagóirí daoine atá i dteideal na sonraí sin a aistriú chuig tríú tíortha nó, i gcásanna eisceachtúla, srianta maidir le haistrithe chuig tríú tíortha.