+Airteagal 29 An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
---+Airteagal 29 1
---+Airteagal 29 2
---+Airteagal 29 3
---+Airteagal 29 4
|
Airteagal 29 An Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 29 1
|
1. Bunóidh an Coimisiún Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí i bhfoirm sainghrúpa, ar a mbeidh ionadaithe ó údaráis inniúla na mBallstát uile le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus ó húdaráis na mBallstát uile atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ó ENISA, ón gCoimisiún, ó Thoscaire AE na FBManna nó ionadaí arna cheapadh ag líonra toscairí FBM, agus ionadaithe eile ó chomhlachtaí ábhartha in earnálacha sonracha chomh maith le comhlachtaí a bhfuil saineolas sonrach acu. Agus saineolaithe aonair á gceapadh aige, beidh sé d’aidhm ag an gCoimisiún cothromaíocht inscne agus gheografach a bhaint amach i measc chomhaltaí an tsainghrúpa.
|
|
Airteagal 29 2
|
2. Beidh an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí comhdhéanta de na trí fhoghrúpa seo a leanas ar a laghad::
|
(a)
|
foghrúpa ina mbeidh na húdaráis inniúla le haghaidh seirbhisí idirghabhála sonraí agus na húdaráis atá inniúil maidir le clárú eagraíochtaí altrúchais sonraí, d’fhonn na cúraimí a dhéanamh de bhun Airteagal 30, pointí (a), (c), (j) agus (k);
|
|
(b)
|
foghrúpa le haghaidh plé teicniúil maidir le caighdeánú, iniomparthacht agus idir-inoibritheacht de bhun phointí (f) agus (g) d’Airteagal 30;
|
|
(c)
|
foghrúpa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí atá comhdhéanta d’ionadaithe ábhartha ón tionscal, ón taighde, ón saol acadúil, ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí caighdeánaithe, ó spásanna coiteanna Eorpacha sonraí ábhartha agus ó gheallsealbhóirí ábhartha eile agus ó thríú páirtithe a thugann comhairle don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí maidir le cúraimí de bhun Airteagal 30, pointí (d), (e), (f), (g) agus (h).
|
|
|
Airteagal 29 3
|
3. Is é an Coimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Nuálaíocht Sonraí.
|
|
Airteagal 29 4
|
4. Déanfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an gCoimisiún cúnamh a thabhairt don Bhord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.06.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0868
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|