+IARSCRÍBHINN IV Cigireachtaí ar shimléir bhladhaire agus ar ghairis dócháin eile
---+1. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha …
---+2. Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha …
---+3. Maidir le toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, áireofar na nithe seo a leanas sna …

IARSCRÍBHINN IV Cigireachtaí ar shimléir bhladhaire agus ar ghairis dócháin eile

IARSCRÍBHINN IV

Cigireachtaí ar shimléir bhladhaire agus ar ghairis dócháin eile

Áireofar i gcigireachtaí ar shimléir bhladhaire nó ar ghairis dócháin eile cigireacht chuimsitheach Fuaime, Amhairc agus Bolaidh, lena n-áirítear amharc-chigireacht sheachtrach ar shimléir bhladhaire nó ar ghairis dócháin eile, éisteacht le haghaidh sceití brú agus leachta agus bolú le haghaidh bolaidh neamhghnácha agus láidre.

Áireofar na breithnithe seo a leanas sa tuarascáil:

(1)

I gcás simléir bhladhaire lasta nó gairis dócháin eile: cibé acu a mheastar nó nach meastar an dóchán a bheith leordhóthanach;

(2)

i gcás simléir bhladhaire neamhlasta nó gairis dócháin eile: cibé acu atá nó nach bhfuil gaothaire gáis ag an mbladhm neamhlasta; i gcás ina bhfuil córas cianfhaireacháin nó uathoibrithe feistithe ar an simléar bladhaire nó ar an ngaireas dócháin eile, déanfar na hastaíochtaí meatáin a ríomh bunaithe ar an ráta sreafa agus ar mheatáin neamhdhóite i gcás ina bhfuil gaothaire gáis ann.

Chun críocha phointe (1), ciallaíonn dóchán neamh-leordhóthanach dóchán ag a bhfuil astaíochtaí infheicthe a mhaireann níos mó ná 5 nóiméad san iomlán le linn aon 2 uair an chloig as a chéile nó, i gcás simléar bladhaire nó gaireas dócháin eile atá feistithe le córas cianfhaireacháin nó uathoibrithe, déanfar dóchán ag a bhfuil astaíochtaí infheicthe a mhaireann níos mó ná 5 nóiméad san iomlán le linn aon 2 uair an chloig as a chéile a thaifeadadh ar bhonn beo.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
1. Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha …

1.

Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe:

(a)

ainm agus seoladh an oibreora, an úinéara nó an cheadúnaí, de réir mar is infheidhme;

(b)

ainm, cineál agus suíomh an tobair nó láithreán an tobair, ag sonrú cibé an tobar neamhghníomhach, tobar atá líonta go sealadach nó tobar atá líonta go buan agus atá tréigthe é;

(c)

i gcás inarb indéanta, léarscáil ar a léirítear teorainneacha an tobair nó láithreán an tobair;

(d)

torthaí ar chainníochtú na n-astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce a rinneadh.

2. Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha …

2.

Féadfar na gnéithe seo a leanas a áireamh i bhfardail toibreacha neamhghníomhacha, toibreacha atá líonta go sealadach agus toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe:

(a)

dátaí le haghaidh na druileála tosaigh agus na hoibríochta deireanaí;

(b)

treoshuíomh (ingearach, cothrománach agus claonta);

(c)

doimhneacht fhoriomlán an tobair;

(d)

cibé acu a tharla nó nár tharla aon teagmhais shuntasacha le linn an phróisis druileála, mar shampla ‘ciceanna’;

(e)

cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh an tobar i dteagmháil le gás ina bhfuil méideanna suntasacha de chomhdhúile sulfair (gás sulfarach) nó rianmhéideanna de chomhdhúile sulfair (gás beagshulfair);

(f)

na sonraí seismeacha atá ar fáil maidir leis an tobar san 1 000 m uachtaracha dá ruthag agus ga 1 000 m aige;

(g)

an tuarascáil is déanaí ar an measúnú ar shláine an tobair;

(h)

cibé acu is tobar taiscéalaíochta nó tobar táirgthe é;

(i)

cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh an tobar i dteagmháil le haon phócaí gáis éadomhain, aon chriosanna gáis éadomhain nó aon chriosanna caillte imshruthúcháin;

(j)

cibé acu atá nó nach bhfuil an tobar suite ar an gcósta (luaigh uirbeach, tuaithe, nó eile) nó amach ón gcósta (luaigh doimhneacht an uisce);

(k)

i gcás toibreacha amach ón gcósta, faisnéis maidir le haon dála ar ghrinneall na farraige a d’fhéadfadh cabhrú le hascnamh an mheatáin tríd an gcolún uisce;

(l)

faisnéis faoi stádas saolré an tobair (gníomhach, neamhghníomhach, domhainlíonta, díchoimisiúnaithe ag dromchla etc.);

(m)

i gcás caipín a bhaineann le tobar díchoimisiúnaithe, cibé acu atá nó nach bhfuil gaothaire air.

3. Maidir le toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, áireofar na nithe seo a leanas sna …

3.

Maidir le toibreacha atá líonta go buan agus atá tréigthe, áireofar na nithe seo a leanas sna fardail freisin:

(a)

na tomhais nó an cainníochtú is déanaí is eol ar astaíochtaí meatáin san aer agus san uisce, más ann dóibh;

(b)

faisnéis lena léirítear gur dheimhnigh an t-údarás inniúil ábhartha go gcomhlíonann an tobar nó láithreán an tobair atá i gceist na critéir a leagtar amach in Airteagal 2, pointe (40);

(c)

doiciméadacht atá leordhóthanach chun a léiriú nach ann d’astaíochtaí meatáin ón tobar ná ó láithreán an tobair, lena n-áirítear cainníochtú atá bunaithe ar fhachtóirí astaíochta nó atá bunaithe ar shamplaí nó fianaise iontaofa ar leithlisiú fodhromchla buan i gcomhréir le caighdeán ISO 16530-1:2017;

(i)

maidir le gach tobar a líonadh agus a tréigeadh go buan an 3 Lúnasa 1994 nó dá éis sin;

(ii)

i gcás ina bhfuil sí ar fáil, doiciméadacht maidir le gach tobar a líonadh agus a tréigeadh go buan roimh an 3 Lúnasa 1994.

Cuid 2

Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad i bpleananna maolúcháin le haghaidh toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha atá líonta go sealadach:

(1)

an sceideal chun aghaidh a thabhairt ar gach tobar neamhghníomhach agus gach tobar atá líonta go sealadach, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí atá le déanamh;

(2)

ainm agus seoladh oibreoir, úinéir nó cheadúnaí an tobair neamhghníomhaigh nó an tobair atá líonta go sealadach, de réir mar is infheidhme;

(3)

dáta réamh-mheasta faoina ndéanfar toibreacha neamhghníomhacha agus toibreacha líonta go sealadach a leigheas, a athshlánú nó a líonadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.