7. Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh ar fhorais force majeure nó toisc go bhfuil sé dodhéanta de facto agus nach féidir sin a leagan ar an soláthraí seirbhísí óstála féin, lena n-áirítear ar chúiseanna teicniúla nó oibríochtúla a mbeidh údar leo, cuirfidh sé, gan moill mhíchuí, an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas, ar an eolas faoi na forais sin, agus úsáid á baint aige as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Beidh feidhm ag an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 a luaithe nach ann a thuilleadh do na forais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.