8. Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an t-ordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha san ordú baint anuas nó nach bhfuil leordhóthain faisnéise ann chun an t-ordú a chur i gcrích, cuirfidh sé an t-údarás inniúil a d’eisigh an t-ordú baint anuas ar an eolas faoi gan moill mhíchuí, agus iarrfaidh sé air an soiléiriú is gá a thabhairt, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
Beidh feidhm ag an sprioc-am a leagtar amach i mír 3 a luaithe a fhaigheann an soláthraí seirbhísí óstála an soiléiriú is gá.