2. Soláthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta amhail dá dtagraítear i mír 4, déanfaidh sé bearta sonracha chun a sheirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar an bpobal.
Is faoin soláthraí seirbhísí óstála a bheidh sé an cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta sonracha a roghnú. Ar na bearta den sórt sin, féadfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a áireamh:
|
(a)
|
bearta nó acmhainneachtaí teicniúla agus oibríochtúla iomchuí amhail an fhoireann iomchuí nó modhanna teicniúla chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas go tapa nó chun rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú;
|
|
(b)
|
sásraí soláimhsithe so-úsáidte chun ábhar sceimhlitheoireachta a líomhnaítear a thuairisciú nó a mharcáil don soláthraí seirbhísí óstála;
|
|
(c)
|
aon sásraí eile chun feasacht ar ábhar sceimhlitheoireachta a mhéadú maidir lena sheirbhísí amhail sásraí chun modhnóireacht a dhéanamh ar úsáideoirí;
|
|
(d)
|
aon bheart eile a mheasann an soláthraí seirbhísí óstála a bheith iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar ábhar sceimhlitheoireachta a bheith ar fáil ar a sheirbhísí.
|