6. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil, bunaithe ar na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 5 agus, i gcás inarb ábhartha, ar aon tosca oibiachtúla eile, nach gcomhlíonann na bearta sonracha atá déanta ag soláthraí óstála ceanglais mhíreanna 2 agus 3, díreoidh an t-údarás inniúil sin cinneadh chuig an soláthraí seirbhísí óstála á cheangal air na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.
Féadfaidh an soláthraí seirbhísí óstála cineál na mbeart sonrach atá le glacadh a roghnú.