+Airteagal 30 Bailíocht chineálcheadú AE
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
---+Airteagal 30 6.

Airteagal 30 Bailíocht chineálcheadú AE

Bailíocht chineálcheadú AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 30 1.
Eiseofar cineálcheaduithe AE ar feadh tréimhse neamhtheoranta.
Airteagal 30 2.

Tiocfaidh cineálcheadú AE ar inneall chun bheith neamhbhailí i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:

(a) 

maidir leis na ceanglais nua is infheidhme i ndáil leis an gcineál innill a cheadaítear nó, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an aicme inneall, i gcás ina mbeidh siad éigeantach maidir le cur ar an margadh agus i gcás nach féidir cineálcheadú AE a shíneadh nó a athbhreithniú dá réir sin;

(b) 

i gcás ina scoirfear go cinntitheach agus go toilteanach den chineál ceadaithe innill nó den aicme cheadaithe innill a tháirgeadh;

(c) 

i gcás ina rachaidh bailíocht chineálcheadú AE in éag i ngeall ar shrian i gcomhréir le hAirteagal 35(3);

(d) 

i gcás inar tarraingíodh siar cineálcheadú AE i gcomhréir le hAirteagal 26(5), le hAirteagal 39(1) nó le hAirteagal 40(3).

Airteagal 30 3.
I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh bailíocht chineálcheadú AE i dtaca le cineál innill laistigh d'aicme inneall, agus maidir leis an gcineál sin amháin, ní rachaidh cineálcheadu AE na haicme innill atá faoi thrácht in éag ach amháin a mhéid agus a mbaineann sé leis an gcineál áirithe innill sin.
Airteagal 30 4.
I gcás ina scoirfear go cinntitheach de chineál áirithe innill nó, i gcás inarb infheidhme, d'aicme inneall, a tháirgeadh, tabharfaidh an monaróir fógra faoin scor sin don údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE comhfhreagrach.

Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra dá dtagraítear i bhfomhír 1 a fháil, déanfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE don chineál innill nó don aicme inneall é sin a chur in iúl d'údaráis cheadúcháin na mBallstát eile dá réir sin.

Airteagal 30 5.
Gan dochar do mhír 4, i gcásanna a bhfuil cineálcheadú AE d'inneall nó, i gcás inarb infheidhme, d'aicme inneall in am a bheith neamhbhailí, tabharfaidh an monaróir fógra faoin bhfíric sin don údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE comhfhreagrach.

I gcásanna den sórt sin, seolfaidh an t-údarás ceadúcháin a dheonaigh cineálcheadú AE gach faisnéis ábhartha chuig údaráis cheadúcháin na mBallstát eile gan mhoill.

Sonróidh an scéala sin go háirithe, dáta táirgthe agus uimhir aitheantais an innill dheireanaigh a táirgeadh.

Airteagal 30 6.
Measfar na ceanglais i dtaca le fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 a bheith comhlíonta má dhéantar an fhaisnéis ábhartha a uaslódáil chuig IMI.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.