+Airteagal 31 Ráiteas comhréireachta
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.

Airteagal 31 Ráiteas comhréireachta

Ráiteas comhréireachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 31 1.

Soláthróidh an monaróir, ina cháil mar shealbhóir chineálcheadú AE do chineál innill nó d'aicme inneall, ráiteas comhréireachta (“ráiteas comhréireachta”) a ghabhann le hinnill a chuirtear ar an margadh, ar bhonn an méid a leanas:

(a) 

díolúine dá dtagraítear in Airteagal 34(2), (4), (5), (6), (7) nó (8), in Airteagal 35(4); nó

(b) 

foráil idirthréimhseach dá dtagraítear in Airteagal 58(9), (10) nó (11).

Sonrófar sa ráiteas comhréireachta gnéithe agus srianta áirithe a bhfuil feidhm le bheith acu maidir leis an inneall agus déanfar iad a sheachadadh saor in aisce in éineacht leis an inneall, agus gabhfaidh sé leis an meaisín soghluaiste nach meaisín bóthair é ina suiteáiltear an t-inneall. Ní bheidh seachadadh an deimhnithe ag brath ar iarraidh shainráite a dhéanamh ar an monaróir nó ar fhaisnéis bhreise a chur isteach chuige. Féadfar an ráiteas comhréireachta a sheachadadh i bhfoirm chomhaid shlán leictreonaigh freisin.

Ar feadh tréimhse 10 mbliana i ndiaidh dáta táirgthe an innill, eiseoidh monaróir an innill, ar iarraidh úsáideoir deiridh an innill, macasamhail den ráiteas comhréireachta in aghaidh méid a íoc nach sáraíonn costas a eisiúna. Beidh an focal “macasamhail” infheicthe go soiléir ar aon dúblach den sórt sin de ráiteas comhréireachta.

Airteagal 31 2.
Déanfar an ráiteas comhréireachta a tharraingt suas in aon teanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.

Féadann aon Bhallstát a iarraidh ar an monaróir go n-aistreofar an ráiteas comhréireachta ina theanga oifigiúil féin nó ina theangacha oifigiúla féin.

Airteagal 31 3.
Maidir leis an duine (leis na daoine) atá údaraithe chun ráitis comhréireachta a shíniú, beidh sé (siad) ina bhall (ina mbaill) d'eagraíocht an mhonaróra agus beidh údarás mar is iomchuí aige (acu) ó lucht bainistíochta na heagraíochta sin chun gabháil d'fhreagracht dhleathach an mhonaróra go hiomlán maidir leis an dearadh agus an déanamh, nó maidir le comhréireacht táirgthe an innill.
Airteagal 31 4.
Comhlánófar an ráiteas comhréireachta ina iomláine agus ní bheidh san áireamh ann teorainneacha i ndáil le húsáid an innill seachas iad sin dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
Airteagal 31 5.
féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an teimpléad don ráiteas comhréireachta a leagan síos, lena n-áirítear na gnéithe arb aidhm dóibh an brionnadh a chosc agus a cheadú an comhad slán leictreonach a fhíorú. Chun na críche sin, cuirfear ar fáil na gnéithe slándála a úsáidtear chun an ráiteas comhréireachta a chosaint le gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.