+Airteagal 37 Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.

Airteagal 37 Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú

Ceanglais shonracha na monaróirí i ndáil le táirgeadh a thuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 37 1.
Cuirfidh an monaróir liosta faoi bhráid an údaráis cheadúcháin a thug cineálcheadú AE, ar liosta é ina mbeidh líon na n-inneall do gach cineál innill agus do gach fochatagóir innill a tháirgfear i gcomhréir leis an Rialachán seo agus i gcomhréir le cineálcheadú AE ó rinneadh an tuarascáil táirgeachta is déanaí a chur isteach, nó ón tráth a raibh feidhm le ceanglais an Rialacháin seo don chéad uair.

Déanfar an liosta sin a chur isteach:

(a) 

laistigh de 45 lá i ndiaidh dheireadh gach bliana féilire;

(b) 

díreach tar éis gach ceann de na dátaí chun na hinnill dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh;

(c) 

faoi aon dáta eile a fhéadfaidh an t-údarás ceadúcháin a shonrú.

Airteagal 37 2.
Sonrófar sa liosta dá dtagraítear i mír 1 conas atá na huimhreacha aitheantais comhghaolaithe leis na cineálacha innill agus, i gcás inarb iomchuí, aicmí inneall comhfhreagracha agus le huimhreacha cineálcheadaithe AE i gcás nach n-aithníonn córas códaithe an innill na comhghaolta sin.
Airteagal 37 3.
Léireoidh an liosta dá dtagraítear i mír 1 aon chás ina scoireann an monaróir de chineál ceadaithe innill nó aicme cheadaithe inneall a tháirgeadh.
Airteagal 37 4.
Coinneoidh an monaróir cóip den liosta dá dtagraítear i mír 1 ar feadh íosthréimhse 20 bliain tar éis deireadh le bailíocht chineálcheadaithe ábhartha an Aontais.
Airteagal 37 5.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos formáid an liosta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh faoin 31 Nollaig 2016, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 56(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.