+Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
---+Airteagal 58 5.
---+Airteagal 58 6.
---+Airteagal 58 7.
---+Airteagal 58 8.
---+Airteagal 58 9.
---+Airteagal 58 10.
---+Airteagal 58 11.
---+Airteagal 58 12.
---+Airteagal 58 13.
|
Airteagal 58 Forálacha idirthréimhseacha
Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 58 1.
|
Gan dochar do Chaibidil II ná do Chaibidil III, ní fhágfaidh an Rialachán seo aon chineálcheadú AE, roimh na dátaí chun na hinnill a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh, neamhbhailí ná ní chuirfidh sé deireadh le haon díolúine.
|
|
Airteagal 58 2.
|
I gcomhréir leis an reachtaíocht ábhartha is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, féadfaidh údaráis cheadúcháin leanúint orthu ag deonú cineálcheaduithe AE d'innill a leagtar amach in Iarscríbhinn III go dtí na dátaí éigeantacha do chineálcheadú AE agus féadfaidh siad leanúint orthu ag deonú díolúintí i gcomhréir leis an reachtaíocht sin go dtí na dátaí éigeantacha chun innill a leagtar amach in Iarscríbhinn III a chur ar an margadh. I gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, féadfaidh na Ballstáit leanúint orthu ag ceadú innill a chur ar an margadh go dtí na dátaí éigeantacha chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 58 3.
|
De mhaolú ón Rialachán seo, is féidir innill a bhfuil cineálcheadú AE faighte acu cheana féin de bhun na reachtaíochta ábhartha is infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, nó a chomhlíonann na ceanglais arna leagan amach ag an gCoimisiún Lárnach um Loingseoireacht na Réine (CCNR) agus arna leagan amach mar CCNR Céim II, i gcreat an Choinbhinsiúin Athbhreithnithe um Loingseoireacht na Réine, is féidir leanúint dá gcur ar an margadh go dtí na dátaí chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III. I gcásanna den sórt sin, ní chuirfidh na húdaráis náisiúnta toirmeasc, bac ná srianadh ar innill atá i gcomhréir leis an gcineál ceadaithe a chur ar an margadh.
|
|
Airteagal 58 4.
|
Is féidir leanúint d'innill nár thit faoi raon feidhme Threoir 97/68/CE ar an 5 Deireadh Fómhair 2016 a chur ar an margadh ar bhonn na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm, más ann dóibh, go dtí na dátaí chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
|
|
Airteagal 58 5.
|
Gan dochar d'Airteagal 5(3), d'Airteagal 18(2) agus, i gcás inarb infheidhme, do Threoir 2008/57/CE agus do Rialachán (AE) Uimh. 1302/2014 ón gCoimisiún (
8
), is féidir innill idirthréimhseacha agus, i gcás inarb infheidhme, an t-innealra soghluaiste nach innealra bóthair é ina suiteáiltear na hinnill idirthréimhseacha sin, a chur ar an margadh i gcónaí i rith na hidirthréimhse ar an gcoinníoll go bhfuil dáta táirgthe nach mó é ná18 mí tar éis thús na hidirthréimhse ag an innealra ina suiteáiltear an t-inneall idirthréimhseach. I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, údaróidh na Ballstáit síneadh 12 mhí sa bhreis ar an idirthréimhse agus ar an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír do OEManna a bhfuil táirgeadh iomlán bliantúil acu is lú ná 100 aonad d’innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá feistithe le hinnill dócháin inmheánaigh. Chun críoch an táirgeadh iomlán bliantúil sin a ríomh, measfar gach OEM atá faoi rialú an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna a bheith ina OEM aonair. I gcás innill d’fhochatagóirí de chatagóir NRE arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a úsáidtear i gcraenacha soghluaiste a chur ar an margadh, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de chatagóir NRS a bhfuil cumhacht níos lú ná 19 kW acu a úsáidtear i gcaiteoirí sneachta, cuirfear síneadh 24 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2019 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, cuirfear síneadh 12 mhí leis an idirthréimhse agus leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás innill de gach fochatagóir arb é an 1 Eanáir 2020 an dáta a leagtar amach in Iarscríbhinn III chun innill Chéim V a chur ar an margadh, seachas na hinnill dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír, cuirfear síneadh 9 mí leis an idirthréimhse agus cuirfear síneadh 6 mhí leis an tréimhse 18 mí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
|
|
Airteagal 58 6.
|
Faoi réir mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh innill idirthréimhseacha ar a laghad ceann amháin de na ceanglais seo a leanas:
(a)
beidh siad i gcomhréir le cineálacha innill nó le haicme inneall nach bhfuil a gcineálcheadú AE bailí a thuilleadh de bhun phointe (a) d'Airteagal 30(2); agus atá cumhdaithe ag cineálcheadú bailí AE ar dhátaí táirgthe na n-inneall atá i gcomhréir leis na teorainneacha astaíochtaí infheidhme is déanaí atá sainithe sa reachtaíocht ábhartha a bhí infheidhme ar an 5 Deireadh Fómhair 2016;
(b)
bainfidh siad le raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadaithe d'astaíochtaí truailleán ar leibhéal an Aontais ar an 5 Deireadh Fómhair 2016; nó
(c)
úsáidfear iad, nó beidh sé ceaptha iad a úsáid i bhfeidhmiú nach raibh faoi réir cineálcheadaithe a bhain le hastaíochtaí truailleán ar leibhéal an Aontais ar an 5 Deireadh Fómhair 2016.
|
|
Airteagal 58 7.
|
Beidh an tréimhse chun innill idirthréimhseacha a chur ar an margadh teoranta do:
(a)
24 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 5;
(b)
36 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa dara agus sa tríú fomhír de mhír 5;
(c)
48 mí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa cheathrú fomhír de mhír 5;
▼M1
(d)
36 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa chúigiú fomhír de mhír 5;
▼M2
(e)
33 mhí ón dáta infheidhme chun innill a chur ar an margadh a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sa chás a leagtar amach sa séú fomhír de mhír 5.
▼B
|
|
Airteagal 58 8.
|
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh innill idirthréimhseacha a chuirfear ar an margadh le linn na hidirthréimhse an mharcáil dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 32(2).
|
|
Airteagal 58 9.
|
D'ainneoin Airteagal 5(3), Airteagal 18(2) agus Airteagal 22, ar feadh tréimhse nach faide ná an 17 Meán Fómhair 2026, féadfaidh na Ballstáit údarú a thabhairt chun innill de chatagóir RLL a chur ar an margadh ag a bhfuil glanchumhacht uasta atá níos mó ná 2 000 kW agus nach gcomhlíonann na teorainneacha astaíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a bheidh le suiteáil in innill féinghluaiste nach dtéann ach ar ghréasán iarnróid 1 520 mm atá iargúlta go teicniúil. Le linn na tréimhse sin mar íosthréimhse, comhlíonfaidh na hinnill sin a chuirfear ar an margadh na teorainneacha astaíochtaí ar ghá d'innill a chomhlíonadh chun go gcuirtí ar an margadh iad an 31 Nollaig 2011. Deonóidh údaráis cheadúcháin na mBallstát cineálcheadú AE agus údaróidh siad innill den sórt sin a chur ar an margadh.
|
|
Airteagal 58 10.
|
D'ainneoin Airteagal 5(3) agus Airteagal 18(2), údaróidh na Ballstáit innill athsholáthair a chur ar an margadh, go ceann tréimhse nach faide ná 15 bliana, amhail ó na dátaí is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na hinnill i gcatagóir atá coibhéiseach le NRS agus go bhfuil cumhacht tagartha nach lú ná 19 kW acu nó ar an gcoinníoll go bhfuil siad i gcatagóir atá coibhéiseach le NRG, i gcás ina bhfuil an t-inneall athsholáthair agus an t-inneall bunaidh i gcatagóir innill agus i raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadú ar leibhéal an Aontais ar an 31 Nollaig 2016.
|
|
Airteagal 58 11.
|
D'ainneoin Airteagal 5(3) agus Airteagal 18(2), údaróidh na Ballstáit innill athsholáthair a chur ar an margadh, go ceann tréimhse nach faide ná 20 bliain, amhail ó na dátaí is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn III maidir le hinnill Chéim V a chur ar an margadh, ar an gcoinníoll go bhfuil na hinnill:
(a)
i gcatagóir NRE agus go bhfuil cumhacht tagartha nach lú ná 19 kW agus nach mó ná 560 kW acu agus ar an gcoinníoll go bhfuil siad i gcomhréir le céim astaíochtaí a chuaigh in éag tráth nach déanaí ná 20 bliain sular cuireadh na hinnill sin ar an margadh agus atá ar a laghad chomh dian céanna leis na teorainneacha astaíochtaí a raibh ar an inneall atá le hionadú a chomhlíonadh tráth a cuireadh ar an margadh den chéad uair é;
(b)
i gcatagóir atá coibhéiseach le NRE agus go bhfuil cumhacht tagartha atá níos mó ná 560 kW acu, i gcás ina bhfuil an t-inneall athsholáthair agus an t-inneall bunaidh i gcatagóir innill nó i raon cumhachta nach raibh faoi réir cineálcheadú ar leibhéal an Aontais ar an 31 Nollaig 2016;
|
|
Airteagal 58 12.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan an Rialachán seo a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse nach faide ná an 17 Meán Fómhair 2016, i ndáil le hinnill atá suiteáilte in innealra buainte cadáis.
|
|
Airteagal 58 13.
|
Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfaidh innill athsholáthair an mharcáil dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 32(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.07.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1628
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|