+Airteagal 15 Athbhreithniú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
|
Airteagal 15 Athbhreithniú
Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar an Rialachán seo agus cuirfear san áireamh, inter alia, imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Laistigh de 6 mhí ó gach athbhreithniú domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir soláthar leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus éileamh orthu, chomh maith le hoiriúnacht na spriocanna náisiúnta maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais de bhun Rialachán (AE) 2021/1119 agus le haidhmeanna Chomhaontú Pháras. Áireofar sa tuarascáil sin go háirithe measúnú ar an ngá atá le beartais agus bearta breise de chuid an Aontais i bhfianaise na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa is gá don Aontas agus dá Bhallstáit i gcomhthéacs iar-2030. Áireofar ann freisin measúnú ar chonair laghdaithe astaíochtaí le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo a bheadh comhoiriúnach le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, agus buiséad táscach réamh-mheasta maidir le gás ceaptha teasa an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(4) de Rialachán (AE) 2021/1119 á chur san áireamh chomh maith leis an tábhacht a ghabhann le cothroime agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na mBallstát agus costéifeachtúlacht chun an cuspóir sin a bhaint amach. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí. Cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír straitéisí fadtéarmacha na mBallstát arna n-ullmhú agus arna dtíolacadh de bhun Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus an measúnú orthu arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15(9) den Rialachán sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.05.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R0842
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|