+Airteagal 5 Fógra
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
---+Airteagal 5 10.
---+Airteagal 5 11.

Airteagal 5 Fógra

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag fógróir dramhaíl dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3) a loingsiú, cuirfidh an fógróir réamhfhógra i scríbhinn (‘fógra’) faoi bhráid na n-údarás inniúil uile lena mbaineann.

Ní fhéadfaidh fógróir dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(ii), (iii) nó (iv), fógra a thíolacadh ach amháin i gcás ina bhfuil cead faighte ag an bhfógróir nó ina bhfuil an fógróir cláraithe i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE.

I gcás ina dtíolacann fógróir fógra ginearálta maidir le roinnt loingsithe dá dtagraítear in Airteagal 13, comhlíonfaidh an fógróir na ceanglais a leagtar síos san Airteagal sin freisin.

I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh saoráid réamhthoilithe de bhun Airteagal 14, beidh feidhm ag na ceanglais nós imeachta i míreanna 12, 14, 15 agus 16 den Airteagal sin.

I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach nó diúscairt eatramhach, beidh feidhm ag Airteagal 15 freisin.

Airteagal 5 2.

Áireofar na doiciméid seo a leanas san fhógra:

(a) 

an doiciméad fógartha a leagtar amach in Iarscríbhinn IA (‘an doiciméad fógartha’);

(b) 

an doiciméad gluaiseachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IB (‘an doiciméad gluaiseachta’).

Soláthróidh an fógróir an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad fógartha agus, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis a luaitear sa doiciméad gluaiseachta.

I gcás nach é táirgeoir dramhaíola bunaidh dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), an fógróir, áiritheoidh an fógróir go síneoidh an táirgeoir dramhaíola bunaidh nó ceann de na daoine a luaitear in Airteagal 3, pointe 6(a)(ii), (iii) nó (v), i gcás inarb indéanta, an doiciméad fógartha freisin. Áiritheoidh déileálaí nó bróicéir go mbeidh údarú i scríbhinn acu ó dhuine de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (6)(a)(i), (ii) nó (iii), chun gníomhú thar a gceann, agus go n-áireofar údarú i scríbhinn den sórt sin san fhógra.

Airteagal 5 3.
Áireofar an fhaisnéis agus an doiciméadacht a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II sa doiciméad fógartha nó san iarscríbhinn a ghabhann leis. Áireofar sa doiciméad gluaiseachta nó san iarscríbhinn a ghabhann leis an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn II, a mhéid is féidir tráth an fhógra.
Airteagal 5 4.
Arna iarraidh sin d’aon cheann de na húdaráis inniúla lena mbaineann, soláthróidh an fógróir an fhaisnéis agus an doiciméadacht a cheanglaítear faoi mhír 3 agus an fhaisnéis bhreise agus an doiciméadacht bhreise a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn II do na húdaráis inniúla uile lena mbaineann. Cuirfidh an t-údarás inniúil a rinne an iarraidh na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas faoin iarraidh sin.
Airteagal 5 5.
Measfar go ndearnadh fógra mar is ceart a luaithe is deimhin leis an údarás inniúil seolta gur comhlánaíodh an doiciméad fógartha agus na doiciméid ghluaiseachta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
Airteagal 5 6.
Measfar fógra a bheith comhlánaithe mar is ceart a luaithe is deimhin leis na húdaráis inniúla go léir lena mbaineann gur comhlánaíodh an doiciméad fógartha agus an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 nó a luaithe a bheidh an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile a d’iarr siad i gcomhréir le mír 4 faighte.
Airteagal 5 7.
Soláthróidh an fógróir cóip den chonradh arna thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6 agus dearbhú lena ndeimhnítear gurb ann dó i gcomhréir le hIarscríbhinn IA do na húdaráis inniúla lena mbaineann tráth an fhógra.
Airteagal 5 8.
Soláthróidh an fógróir dearbhú gur bunaíodh ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach i gcomhréir le hAirteagal 7 tríd an gcuid iomchuí den doiciméad fógartha a chomhlánú.

Maidir leis an ráthaíocht airgeadais nó an t-árachas coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7 nó, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann amhlaidh, dearbhú lena ndeimhnítear gurb ann dó i gcomhréir leis an bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn IA, soláthrófar í nó é chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann mar chuid den doiciméad fógartha tráth an fhógra.

De mhaolú ar an dara fomhír, féadfar an doiciméadacht dá dtagraítear san fhomhír sin a sholáthar, i gcás ina gceadaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann amhlaidh, tar éis an fógra a thíolacadh, ar a dhéanaí tráth a chomhlánaítear an doiciméad gluaiseachta i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

Airteagal 5 9.
Cumhdófar leis an bhfógra an loingsiú ón suíomh óna dtosaíonn an loingsiú agus cumhdófar leis aon aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach.

I gcás ina ndéantar aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach nó diúscairt eatramhach nó neamheatramhach ina dhiaidh sin i dtír nach í an chéad tír cinn scríbe í, sonrófar an aisghabháil neamheatramhach nó diúscairt neamheatramhach agus suíomh na haisghabhála nó na diúscartha sin san fhógra agus tá feidhm ag Airteagal 15(7).

Airteagal 5 10.

Ní shonrófar ach cód sainaitheanta dramhaíola amháin mar a luaitear in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta. I gcásanna nach n-aicmítear dramhaíl faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV, ní dhéanfar ach cód sainaitheanta dramhaíola amháin ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE a shonrú sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta, seachas i gcás na nithe seo a leanas:

(a) 

dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV is féidir a shonrú agus úsáid á baint as níos mó ná cód sainaitheanta dramhaíola amháin ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE, i gcás ina bhfuil saintréithe fisiceacha agus ceimiceacha comhchosúla go bunúsach ag gach dramhaíl a chumhdaítear leis an bhfógra, ach nach meascán dramhaíolacha í; nó

(b) 

meascáin dramhaíolacha nach n-aicmítear faoi iontráil aonair amháin in Iarscríbhinn III, Iarscríbhinn IIIA, Iarscríbhinn IIIB nó Iarscríbhinn IV, dá sonraítear an cód sainaitheanta dramhaíola ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE agus an cód sainaitheanta dramhaíola ó Iarscríbhinn III, IIIB nó IV le haghaidh gach codáin den dramhaíl in ord tábhachta sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta, nó i gcás nach bhfuil na cóid sainaitheanta sin ar fáil do gach codán, déanfar an cód sainaitheanta dramhaíola ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE don mheascán agus do gach codán den dramhaíl a shonrú in ord tábhachta sa doiciméad fógartha agus sa doiciméad gluaiseachta.

Airteagal 5 11.
Féadfar dramhaíolacha nó meascáin dramhaíolacha a shonraítear i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh trí na cóid sainaitheanta dramhaíola ábhartha a sholáthar ón liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE agus trí chóid sainaitheanta ábhartha eile a sholáthar.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.