+Airteagal 9 1.

Airteagal 9 1.

Deanfaidh na húdaráis inniúla cinn scríbe, na húdaráis inniúla seolta agus na húdaráis inniúla idirthurais, laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh an fógróir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(12) go bhfuil an fógra comhlánaithe mar is ceart, ceann de na cinntí seo a leanas, a bheidh réasúnaithe go cuí, maidir leis an loingsiú:

(a) 

toiliú a thabhairt gan choinníollacha;

(b) 

toiliú le coinníollacha a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 10;

(c) 

agóid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12;

(d) 

gan toiliú a thabhairt, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 11.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil seolta cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c) nó (d), tar éis dó an fógra a fháil agus sula measfaidh sé go ndearnadh mar is ceart é, más léir nár comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 11 nó go bhfuil forais ann le hagóid a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 12.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil lena mbaineann cinneadh a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (c) nó (d), roimh an dáta a cuireadh an fógróir ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 8(12), a luaithe a bheidh an fógra déanta mar is ceart, dá dtagraítear in Airteagal 5(5).

Féadfar glacadh leis go bhfuil toiliú intuigthe faighte ó na húdaráis inniúla idirthurais mura ndéanfar agóid a thaisceadh laistigh den teorainn ama 30 lá dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.