+Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta faisnéise
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.
---+Airteagal 18 4.
---+Airteagal 18 5.
---+Airteagal 18 6.
---+Airteagal 18 7.
---+Airteagal 18 8.
---+Airteagal 18 9.
---+Airteagal 18 10.
---+Airteagal 18 11.
---+Airteagal 18 12.
---+Airteagal 18 13.
---+Airteagal 18 14.
---+Airteagal 18 15.

Airteagal 18 Ceanglais ghinearálta faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.
Loingsithe dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5), beidh siad faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar amach i míreanna 2 go 10 den Airteagal seo.
Airteagal 18 2.
Ní fhéadfaidh an duine a shocraíonn loingsiú dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (7)(ii), (iii) agus (iv), loingsiú dá dtagraítear i mír 1 a shocrú ach amháin tar éis cead a bheith faighte ag an duine sin nó tar éis don duine sin a bheith cláraithe i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE.
Airteagal 18 3.
Ní dhéanfaidh an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíl a loingsiú ach amháin chuig saoráid aisghabhála dramhaíola a bhfuil cead nó clárú faighte aici i gcomhréir le Caibidil IV de Threoir 2008/98/CE. Cuirfidh an tsaoráid an cead nó cruthúnas ar chlárú faoi bhráid an duine a shocraíonn an loingsiú sula dtarlóidh an loingsiú.
Airteagal 18 4.
Comhlánóidh gach gnóthas a bhfuil baint aige leis an loingsiú an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII leis an bhfaisnéis ábhartha ag na pointí a luaitear agus áiritheoidh siad go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil go leictreonach i gcomhréir le hAirteagal 27, lena n-áirítear le linn an iompair dramhaíola, do na daoine eile a bhfuil baint acu leis an loingsiú, do na húdaráis inniúla lena mbaineann agus do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireacht.

I gcás nach é an duine a shocraíonn an loingsiú táirgeoir bunaidh na dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (7)(i), áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú go síneoidh táirgeoir bunaidh na dramhaíola nó duine de na daoine a luaitear in Airteagal 3, pointe (7)(ii), (iii) nó (v), i gcás inarb indéanta, an doiciméad in Iarscríbhinn VII freisin.

Airteagal 18 5.
Déanfaidh an duine a shocraíonn an loingsiú an fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a chomhlánú leis an bhfaisnéis ábhartha a mhéid is féidir, tráth nach déanaí ná 2 lá oibre sula gcuirfear tús leis an loingsiú. Mar sin féin, féadfar faisnéis maidir le cainníocht iarbhír na dramhaíola, an t-iompróir nó na hiompróirí agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir aitheantais an choimeádáin a chur isteach, ar a dhéanaí, sula gcuirfear tús leis an loingsiú.
Airteagal 18 6.
Mura féidir an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a chur ar fáil ar líne le linn an iompair dramhaíola, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú agus an t-iompróir nó na hiompróirí go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil ar mhodh eile san fheithicil iompair, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil go leictreonach i gcomhréir le mír 4 agus mír 5. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh an duine a shocraíonn an loingsiú go ndéanfar aon athrú nó aon bhreisiú ar na doiciméid le linn an iompair dramhaíola a thíolacadh trí chóras dá dtagraítear in Airteagal 27.
Airteagal 18 7.
I gcás ina bhfuil loingsiú beartaithe le haghaidh aisghabháil eatramhach, déanfar an tsaoráid ina bhfuil sé beartaithe aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach a chur i gcrích díreach tar éis na haisghabhála eatramhaí tosaigh, agus R-chóid na n-oibríochtaí sin, a léiriú freisin i ndoiciméad Iarscríbhinn VII chomh maith leis an aisghabháil eatramhach tosaigh, agus, i gcás inarb indéanta, léireofar na saoráidí ina bhfuil sé beartaithe aisghabháil a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an aisghabháil eatramhach nó neamheatramhach agus R-chóid na n-oibríochtaí aisghabhála gaolmhara sin.
Airteagal 18 8.
Déanfaidh an tsaoráid aisghabhála nó an tsaotharlann, laistigh de dhá lá oibre tar éis an dramhaíl a fháil, deimhniú a sholáthar don duine a shocraíonn an loingsiú go bhfuarthas an dramhaíl tríd an bhfaisnéis ábhartha atá in Iarscríbhinn VII a chomhlánú. I gcás nach bhfuil rochtain ag an tsaoráid aisghabhála nó ag an tsaotharlann ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, soláthróidh sí an deimhniú tríd an duine a shocraíonn an loingsiú.
Airteagal 18 9.
Soláthróidh an tsaoráid aisghabhála deimhniú, faoina freagracht féin, a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis chur i gcrích na hoibríochta aisghabhála, agus tráth nach déanaí ná 1 bhliain tar éis fháil na dramhaíola, gur cuireadh an aisghabháil i gcrích tríd an bhfaisnéis ábhartha a chuimsítear in Iarscríbhinn VII a líonadh isteach. I gcás nach bhfuil rochtain ag an tsaoráid aisghabhála ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, soláthróidh sí an deimhniú tríd an duine a shocraíonn an loingsiú.
Airteagal 18 10.
Beidh gach loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 4(4) agus (5) faoi réir an cheanglais maidir le conradh a thabhairt i gcrích idir an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola agus an coinsíní chun an dramhaíl a aisghabháil. Murab é an coinsíní oibreoir na saoráide, síneoidh oibreoir na saoráide an conradh freisin.

Tabharfar an conradh dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích agus beidh éifeacht leis ar a dhéanaí faoin tráth a chomhlánófar doiciméad Iarscríbhinn VII i gcomhréir le mír 5 agus leanfaidh sé d’éifeacht a bheith leis ar feadh thréimhse an loingsithe go dtí go n-eiseofar deimhniú i gcomhréir le mír 9.

Beidh an conradh comhsheasmhach leis an doiciméad nó na doiciméid chomhfhreagracha in Iarscríbhinn VII agus, ar a laghad, beidh faisnéis ann faoin duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíola, faoin gcoinsíní agus faoin tsaoráid, faoi chéannacht na ndaoine a dhéanann ionadaíocht ar gach páirtí, an tuairisc ar an dramhaíl, na cóid sainaitheanta dramhaíola, cainníocht na dramhaíola a chumhdaítear leis an gconradh, an oibríocht aisghabhála agus tréimhse bhailíochta an chonartha.

I gcás nach féidir loingsiú dramhaíola ná aisghabháil na dramhaíola sin a chur i gcrích mar a bhí beartaithe nó i gcás ina ndearnadh an loingsiú mar loingsiú neamhdhleathach, áireofar sa chonradh oibleagáid go bhfuil ar an duine a shocraíonn an loingsiú nó, i gcás nach féidir leis an duine sin chur i gcrích an loingsiú dramhaíola ná aisghabháil na dramhaíola sin a áirithiú, ar an gcoinsíní í a ghlacadh ar ais nó a áirithiú go ndéanfar í a aisghabháil ar bhealach malartach, agus, más gá, go stórálfar í idir an dá linn.

Airteagal 18 11.
Soláthróidh an duine a shocraíonn an loingsiú nó an coinsíní cóip den chonradh dá dtagraítear i mír 10 agus cóip d’aon chomhaontú de bhun Airteagal 4(5) do na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí arna iarraidh sin dóibh.
Airteagal 18 12.
An fhaisnéis a éilítear in Iarscríbhinn VII, beidh fáil uirthi chun críoch cigireachta, forfheidhmithe, pleanála agus staidrimh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 27 agus leis an reachtaíocht náisiúnta.
Airteagal 18 13.
An fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 go 9, caithfear léi mar fhaisnéis rúnda i gcás ina bhfuil gá leis sin de réir reachtaíocht an Aontais nó na reachtaíochta náisiúnta.
Airteagal 18 14.
I gcás ina loingsítear an dramhaíl idir dhá bhunaíocht faoi rialú an eintitis dhlítheanaigh chéanna, féadfar dearbhú arna dhéanamh ag an eintiteas dlítheanach sin a chur in ionad an chonartha dá dtagraítear i mír 10. Cumhdóidh an dearbhú sin mutatis mutandis na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 10.
Airteagal 18 15.
Faoin 21 Bealtaine 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 80 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoracha a leagan amach maidir le conas doiciméad Iarscríbhinn VII a chomhlánú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.