+Airteagal 25 5.

Airteagal 25 5.

Déanfar an glacadh ar ais, an aisghabháil nó an diúscairt dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 laistigh de 30 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a chomhaontú eatarthu féin, tar éis an dáta a fhaigheann an t-údarás inniúil seolta amach faoin loingsiú neamhdhleathach nó ón dáta a chuireann na húdaráis inniúla cinn scríbe nó idirthurais é ar an eolas faoin loingsiú neamhdhleathach, agus na cúiseanna leis sin. Féadfar comhairle den sórt sin a bheith ann mar thoradh ar fhaisnéis a chuir údaráis inniúla eile isteach, inter alia, chuig na húdaráis cinn scríbe nó idirthurais.

I gcás glacadh ar ais dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (c), tíolacfar fógra nua, seachas i gcás ina gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann gur leor iarraidh chuí-réasúnaithe arna déanamh ag an údarás inniúil seolta tosaigh.

Má éilítear fógra nua, is é an duine nó an t-údarás arna chinneadh i gcomhréir le mír 2 a thíolacfaidh é.

Ní chuirfidh na húdaráis inniúla in aghaidh cur ar ais dramhaíl a bhaineann le loingsiú neamhdhleathach ná ní dhéanfaidh siad agóid ina choinne. I gcás aisghabháil nó diúscairt ar bhealach malartach dá dtagraítear i mír 3, a dhéantar lasmuigh den tír inar thángthas ar an loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh an duine nó an t-údarás a liostaítear sa mhír sin fógra nua isteach i gcomhréir leis an ordú a léirítear sa mhír sin.

Comhoibreoidh na húdaráis inniúla lena mbaineann, de réir mar is gá, chun a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó a aisghabháil nó a dhiúscairt ar bhealach malartach dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.