+Airteagal 29 1.

Airteagal 29 1.

Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar mír nó substaint arna heascairt as próiseas táirgthe a bheith ina dramhaíl, i gcás nárbh é príomhaidhm an phróisis táirgthe an mhír nó an tsubstaint sin a tháirgeadh, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 5 de Threoir 2008/98/CE.

Agus cinneadh á dhéanamh acu faoi cé acu an measfar nó nach measfar nach dramhaíl a thuilleadh í dramhaíl a cuireadh faoi oibríocht athchúrsála nó aisghabhála de chineál eile, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm Airteagal 6 de Threoir 2008/98/CE.

Agus cinneadh á dhéanamh an measfar gur earra úsáidte agus nach dramhaíl atá i réad nó substaint, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar ar a laghad na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil sé cinnte go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a úsáid nó a athúsáid tuilleadh;

(b) 

gur féidir leis an réad nó leis an tsubstaint an fheidhm atá beartaithe dó nó di a chomhlíonadh gan réamhphróiseáil shuntasach;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar an réad nó an tsubstaint a thástáil chun a fheidhmiúlacht iomlán a áirithiú;

(d) 

go bhfuil tuilleadh úsáide dleathach, is é sin le rá go gcomhlíonann an réad nó an tsubstaint na ceanglais táirge, chomhshaoil agus cosanta sláinte uile le haghaidh na húsáide sonraí agus nach mbeidh drochthionchair fhoriomlána ar an gcomhshaol ná ar shláinte an duine mar thoradh air sin;

(e) 

go ndéantar an réad nó an tsubstaint a chaomhnú agus a chosaint i gceart in aghaidh damáiste le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe.

Beidh feidhm ag na forálacha sa tríú fomhír gan dochar d’Airteagal 23(2) ná d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ná d’ ( 11 ) Airteagal 72(2) agus d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.