+IARSCRÍBHINN III LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)
|
IARSCRÍBHINN III LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA DE DHRAMHAÍOLACHA ATÁ FAOI RÉIR NA gCEANGLAS GINEARÁLTA FAISNÉISE A LEAGTAR SÍOS IN AIRTEAGAL 18 (DRAMHAÍL ATÁ AR AN LIOSTA GLAS) DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(a)
Gan beann ar cé acu a áirítear dramhaíolacha ar an liosta seo nó nach n-áirítear, d’fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 má tá siad éillithe ag ábhair eile sa mhéid seo a leanas
(a)
go méadaíonn sé na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha go leordhóthanach chun go mbeidís iomchuí lena gcur faoi bhráid an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas nó
(b)
go gcuirtear cosc ar na dramhaíolacha a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálacha don chomhshaol.
Cuid I:
Dramhaíolacha a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel (
16
).
Chun críocha an Rialacháin seo:
(a)
Aon tagairt do liosta A in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Coinbhinsiún Basel, tuigfear í mar thagairt d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo;
(b)
In iontráil Basel B1020, áirítear leis an téarma ‘foirm bhulc-chríochnaithe’ na foirmeacha neamhspréite miotalacha uile (
17
) den dramh-mhiotail a liostaítear inti;
(c)
Is mar seo a leanas a bheidh iontráil Basel B1030: ‘Iarmhair ina bhfuil miotail theasfhulangacha’;
(d)
Níl feidhm ag an gcuid d’iontráil Basel B1100 ina dtagraítear do ‘Slaigeanna ó phróiseáil copair’ etc. agus tá feidhm ag iontráil (ECFE) GB040 i gCuid II ina hionad sin;
▼M1 —————
▼B
(f)
Níl feidhm ag iontráil Basel B2050 agus tá feidhm ag iontráil (ECFE) GG040 i gCuid II ina hionad sin.
(g)
Maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, níl feidhm ag iontráil Basel B3011 agus tá feidhm ag an iontráil seo a leanas ina hionad sin:
|
EU3011 (
18
)
|
Dramhaíl phlaisteach (tugtar ar aire an iontráil ghaolmhar AC300 i gCuid II d’Iarscríbhinn IV, agus an iontráil ghaolmhar EU48 i gCuid I d’Iarscríbhinn IV):
Dramhaíl phlaisteach a liostaítear thíos, ar choinníoll go bhfuil sí beagnach saor ó éilliú agus ó chineálacha eile dramhaíolacha (
19
) agus go bhfuil sí beartaithe lena hathchúrsáil:
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
20
) de polaiméir neamh-halaiginithe amháin, lena n-áirítear na polaiméirí seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle (ABS)
—
Teireataláit phoileitléine (TPE)
—
Dramhaíl phlaisteach atá beagnach comhdhéanta go heisiach (
21
) de roisín leasaithe nó táirge comhdhlúthúcháin amháin, lena n-áirítear na roisíní seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:
—
Roisíní feanól-formaildéid
—
Roisíní formaildéid mealaimín
—
Dramhaíl atá beagnach comhdhéanta go heisiach (21) de cheann amháin de na polaiméirí fluairínithe seo a leanas (
22
):
—
Sárfhluaireitiléin/próipiléin (FEP)
—
Alcáin shárfhluaracsacha:
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluairailcile (PFA)
—
Teitreafluaireitiléin/éitear vinile shárfhluaraimeitil (MFA)
—
Polaiviniolfluairíd (PVF)
—
Polaivinilídéinefluairíd (PVDF)
—
Polaiteitreafluaireitiléin (PTFE)
—
Clóiríd pholaivinile (PVC).
|
Cuid II:
Dramhaíolacha ina bhfuil miotal a eascraíonn as leá, bruithniú agus mínghlanadh miotal
|
GB040
|
7112
2620 30
2620 91
|
Slaigeanna ó phróiseáil miotal lómhar agus copair chun iad a mhínghlanadh tuilleadh
|
Dramhaíolacha eile ina bhfuil miotail
|
GC010
|
|
Cóimeálacha leictreacha nach bhfuil iontu ach miotail nó cóimhiotail ()
|
|
GC020
|
|
Fuíoll leictreonach (e.g. cláir ciorcad priontáilte, comhpháirteanna leictreonacha, sreang, etc.) agus comhpháirteanna leictreonacha athshlánaithe atá oiriúnach d’aisghabháil táirmhiotail agus miotail lómhair ()
|
|
GC030
|
ex 8908 00
|
Soithí agus déanmhais shnámhacha eile atá le briseadh, óna bhfolmhaítear i gceart aon lastas agus ábhair eile a eascraíonn as oibriú an tsoithigh a d’fhéadfaí a aicmiú mar shubstaint nó dramhaíl chontúirteach ()
|
|
GC050
|
|
Catalaígh Leachtscoilte Chatalaíoch (FCC) Spíonta (e.g.: ocsaíd alúmanaim, seoilítí)
|
(1)
Tuigtear ón téarma ‘óna bhfolmhaítear i gceart’ go gcomhlíontar go hiomlán rialacha agus treoracha idirnáisiúnta maidir le hathchúrsáil long.
►M1
(2)
Ní bheidh feidhm ag iontráil GC010 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, agus ní bheidh feidhm aici ach go dtí an 31 Nollaig 2026.
◄
►M1
(3)
Ní bheidh feidhm ag iontráil GC020 ach amháin maidir le dramhaíl a loingsítear laistigh den Aontas, agus ní bheidh feidhm aici ach go dtí an 31 Nollaig 2026.
◄
|
Dramhaíl ghloine i bhfoirm neamhspréite
|
GE020
|
ex 7001
ex 7019 39
|
Dramhaíl Snáithín Gloine
|
Dramhaíolacha ceirmeacha i bhfoirm neamhspréite
|
GF010
|
|
Dramhaíolacha ceirmeacha a bácáladh tar éis a múnlaithe, lena n-áirítear soithí ceirmeacha (sula n-úsáidtear iad agus/nó ina dhiaidh sin)
|
Dramhaíolacha eile a bhfuil comhábhair neamhorgánacha iontu go príomha, a bhféadfadh miotail agus ábhair orgánacha a bheith iontu
|
GG030
|
ex 2621
|
Bunluaith agus tapa slaige ó ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe
|
|
GG040
|
ex 2621
|
Luaith mhionaithe ó ghléasraí cumhachta gualbhreoslaithe
|
Dramhaíolacha a eascraíonn as oibríochtaí súdaireachta agus mangaireachta seithí agus as úsáid leathair
|
GN010
|
ex 0502 00
|
Dramhaíl guairí agus fionnaidh muc, borraí nó torc nó dramhaíl fionnaidh broc agus fionnaidh eile a úsáidtear chun scuaba a dhéanamh
|
|
GN020
|
ex 0503 00
|
Dramhaíl róin, bíodh sí i bhfoirm sraitheanna nó ná bíodh, le hábhar tacaíochta nó dá uireasa
|
|
GN030
|
ex 0505 90
|
Dramhaíl craicne agus codanna eile d’éin, agus a gcleití nó a gclúmh orthu, dramhaíl cleití agus codanna de chleití (bídís bearrtha nó ná bíodh) agus dramhaíl chlúimh, gan aon obair bhreise a bheith déanta orthu seachas glanadh, dífhabhtú nó cóiriú lena gcaomhnú
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1157
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|