+Airteagal 5 2

Airteagal 5 2

2.   Ceanglófar leis an mbeartas go ndéanfar measúnú riosca ar leibhéal an eintitis airgeadais agus, i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite sula dtabharfar socrú conarthach i gcrích.

Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca na ceanglais ábhartha uile a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2554 agus reachtaíocht earnála de chuid an Aontais is infheidhme. Déanfar na nithe seo a leanas a bhreithniú, go háirithe, tionchar sholáthar na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ar an eintiteas airgeadais agus na rioscaí uile a bhaineann le soláthar na seirbhísí TFC sin lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

rioscaí oibriúcháin;

(b)

rioscaí dlí;

(c)

rioscaí TFC;

(d)

rioscaí i ndáil le clú;

(e)

rioscaí a bhaineann le cosaint sonraí rúnda nó sonraí pearsanta;

(f)

rioscaí a bhaineann le hinfhaighteacht sonraí;

(g)

riosca a bhaineann leis an suíomh ina bpróiseáiltear agus ina stóráiltear na sonraí;

(h)

rioscaí a bhaineann le suíomh an tsoláthraí seirbhíse TFC tríú páirtí;

(i)

rioscaí TFC maidir le comhchruinniú ar an leibhéal eintitis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 25.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1773
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.