+Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4

Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 9 1

1.   Ceanglófar leis an mbeartas go sonrófar sna socruithe conarthacha na bearta agus príomhtháscairí chun faireachán a dhéanamh, ar bhonn leanúnach, ar fheidhmíocht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear bearta chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le rúndacht, infhaighteacht, sláine agus barántúlacht sonraí agus faisnéise, agus comhlíontacht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí i ndáil le beartais agus nósanna imeachta ábhartha an eintitis airgeadais. Sonrófar sa bheartas freisin bearta a mbeidh feidhm acu i gcás nach gcomhlíontar comhaontuithe ar leibhéal seirbhísí, lena n-áirítear pionóis chonarthacha i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 9 2

2.   Sonrófar sa bheartas conas a dhéanfaidh an t-eintiteas airgeadais measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, a úsáidtear le haghaidh na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, caighdeáin feidhmíochta agus caighdeáin cháilíochta iomchuí i gcomhréir leis an socrú conarthach agus beartais an eintitis airgeadais féin. Leis an bpolasaí, áiritheofar an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

go soláthróidh na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí tuarascálacha iomchuí maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí don eintiteas airgeadais, lena n-áirítear tuarascálacha tréimhsiúla, tuarascálacha teagmhas, tuarascálacha seachadta seirbhíse, tuarascálacha maidir le slándáil TFC agus tuarascálacha maidir le bearta leanúnachais gnó agus tástáil;

(b)

go ndéantar measúnú ar fheidhmíocht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí le heochairtháscairí feidhmíochta, eochairtháscairí rialúcháin, iniúchtaí, féindeimhniúcháin agus athbhreithnithe neamhspleácha i gcomhréir le creata bainistíochta riosca TFC an eintitis airgeadais;

(c)

go bhfaigheann an t-eintiteas airgeadais faisnéis ábhartha eile ó na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí;

(d)

go dtugtar fógra don eintiteas airgeadais, i gcás inarb iomchuí, maidir le teagmhais a bhaineann le TFC agus teagmhais a bhaineann le híocaíocht oibríochtúil nó slándála;

(e)

go ndéantar athbhreithniú neamhspleách agus iniúchtaí neamhspleácha lena bhfíoraítear comhlíonadh na gceanglas agus na mbeartas dlí agus rialála.

Airteagal 9 3

3.   Sonrófar sa bheartas go mbeidh an measúnú dá dtagraítear i mír 2 le doiciméadú agus go mbeidh a thorthaí le húsáid chun measúnú riosca an eintitis airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6 a thabhairt cothrom le dáta.

Airteagal 9 4

4.   Bunófar sa bheartas na bearta iomchuí a bheidh le glacadh ag an eintiteas airgeadais má shainaithníonn sé laigí na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, lena n-áirítear teagmhais a bhaineann le TFC agus teagmhais a bhaineann le híocaíochtaí oibríochtúla nó slándála, i soláthar na seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó i gcomhlíonadh na socruithe conarthacha nó na gceanglas dlí. Sonrófar ann freisin conas a bheidh faireachán le déanamh ar bhearta den sórt sin chun a áirithiú go gcomhlíontar iad go héifeachtúil laistigh de thráthchlár sainithe, agus ábharthacht na laigí á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 25.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1773
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.