+Cryptographic Key Management and Lifecycle
|
Cryptographic Key Management and Lifecycle
Establish protocols for the proper use, protection, and lifecycle management of cryptographic keys. Define criteria for selecting cryptographic techniques and practices, incorporating best practices and industry standards. Employ mitigation and monitoring measures if adherence to these practices and standards is not possible. Outline requirements for managing and controlling cryptographic keys throughout their lifecycle, including generation, storage, backup, archiving, retrieval, transmission, retirement, revocation, and destruction. Establish methods to recover cryptographic keys in case of loss, compromise, or damage. Monitor crypto-analysis developments and, when necessary, update or change cryptographic technology. Implement mitigation and monitoring measures if changing or updating the cryptographic technology is not feasible. Maintain a register for all certificates and certificate storing devices.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Rialacháin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Rialacháin ghaolmhara
Rialacháin
| Foinse |
Rialáil |
|
EULAW
|
Airteagal 6 1.
Mar chuid de na beartais, nósanna imeachta, prótacail agus uirlisí slándála TFC atá acu dá dtagraítear in Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, déanfaidh eintitis airgeadais beartas maidir le rialuithe criptithe agus cripteagrafacha a fhorbairt, a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 2.
Déanfaidh eintitis airgeadais an beartas maidir le rialuithe criptithe agus cripteagrafacha dá dtagraítear i mír 1 a dhearadh ar bhonn torthaí aicmithe sonraí fhormheasta agus measúnaithe riosca TFC. Sa bheartas sin beidh rialacha maidir leis na nithe uile seo a leanas:
(a)
criptiú sonraí agus iad á stóráil agus faoi bhealach;
(b)
criptiú sonraí agus iad in úsáid, i gcás inar gá;
(c)
criptiú nasc gréasáin inmheánaigh agus criptiú tráchta le páirtithe seachtracha;
(d)
an bainistiú eochracha cripteagrafacha dá dtagraítear in Airteagal 7, lena leagtar síos rialacha maidir le ceartúsáid, cosaint agus saolré eochracha cripteagrafacha.
Chun críocha phointe (b), i gcás nach féidir sonraí in úsáid a chriptiú, déanfaidh eintitis airgeadais sonraí in úsáid a phróiseáil i dtimpeallacht scartha chosanta, nó déanfaidh siad bearta coibhéiseacha chun rúndacht, sláine, barántúlacht agus infhaighteacht sonraí a áirithiú.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 3.
Sa bheartas maidir le rialuithe criptithe agus cripteagrafacha dá dtagraítear i mír 1, áireoidh eintitis airgeadais critéir chun teicnící cripteagrafacha agus cleachtais úsáide a roghnú, á gcur san áireamh cleachtais atá chun tosaigh, agus caighdeáin mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 1025/2012, agus an t-aicmiú sócmhainní TFC ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2022/2554. Eintitis airgeadais nach féidir leo cloí leis na cleachtais atá chun tosaigh nó le caighdeáin, ná na teicnící is iontaofa a úsáid, glacfaidh siad bearta maolaithe agus faireacháin lena n-áirithítear athléimneacht in aghaidh cibearbhagairtí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 4.
Sa bheartas maidir le rialuithe criptithe agus cripteagrafacha dá dtagraítear i mír 1, áireoidh eintitis airgeadais forálacha maidir leis an teicneolaíocht chripteagrafach a thabhairt cothrom le dáta nó a athrú, i gcás inar gá, ar bhonn forbairtí crioptanailíse. Áiritheofar leis na nuashonruithe nó na hathruithe sin go leanfaidh an teicneolaíocht chripteagrafach de bheith athléimneach in aghaidh cibearbhagairtí, mar a cheanglaítear le hAirteagal 10(2), pointe (a). Eintitis airgeadais nach féidir leo an teicneolaíocht chripteagrafach a thabhairt cothrom le dáta nó a athrú, glacfaidh siad bearta maolaithe agus faireacháin lena n-áirithítear athléimneacht in aghaidh cibearbhagairtí.
|
|
EULAW
|
Airteagal 6 5.
Sa bheartas maidir le rialuithe criptithe agus cripteagrafacha dá dtagraítear i mír 1, áireoidh eintitis airgeadais ceanglas maidir le taifeadadh a dhéanamh ar ghlacadh beart maolaithe agus faireacháin a ghlactar i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 agus míniú réasúnaithe a thabhairt leis an nglacadh sin.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 1.
Sa bheartas bainistithe eochracha cripteagrafacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (d), áireoidh eintitis airgeadais ceanglais maidir le heochracha cripteagrafacha a bhainistiú ar feadh a saolré iomláine, lena n-áirítear na heochracha cripteagrafacha sin a ghiniúint, a athnuachan, a stóráil, a chúltacú, a chartlannú, a aisghabháil, a tharchur, a chur as feidhm, a chúlghairm agus a scriosadh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 2.
Déanfaidh eintitis airgeadais rialuithe a shainaithint agus a chur chun feidhme chun eochracha cripteagrafacha a chosaint, ar feadh a saolré iomláine, ar chaillteanas, rochtain neamhúdaraithe, nochtadh agus modhnú. Dearfaidh eintitis airgeadais na rialuithe sin ar bhonn thorthaí an aicmithe sonraí fhormheasta agus an mheasúnaithe riosca TFC.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 3.
Déanfaidh eintitis airgeadais modhanna a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun na heochracha cripteagrafacha a athsholáthar i gcás ina gcaillfear iad, nó i gcás ina gcuirfear na heochracha sin i mbaol nó ina ndéanfar damáiste dóibh.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 4.
Cruthóidh eintitis airgeadais clár le haghaidh na ndeimhnithe agus na ngaireas stórála deimhnithe uile i gcás sócmhainní TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, ar a laghad, agus coinneoidh siad an clár sin ar bun. Coimeádfaidh eintitis airgeadais an clár sin cothrom le dáta.
|
|
EULAW
|
Airteagal 7 5.
Áiritheoidh eintitis airgeadais go n-athnuafar deimhnithe go pras sula rachaidh siad in éag.
|
- NOREA -
EN: DORA in Control Framework of NOREA, the Dutch professional association of IT auditors, https://www.norea.nl/. © NOREA. Reproduced with the permission of NOREA; converted into the GRCA format. Only the version published by NOREA is authoritative.
DE: DORA in Control Framework von NOREA, dem niederländischen Berufsverband der IT-Auditoren, https://www.norea.nl/. © NOREA. Wiedergabe mit Genehmigung von NOREA; in das GRCA-Format umgewandelt. Maßgeblich ist allein die von NOREA veröffentlichte Fassung.
|