|
+Airteagal 20a Riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta a thuairisciú |
Airteagal 20a Riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta a thuairisciúAirteagal 20a Riosca an ráta úis sa leabhar baincéireachta a thuairisciú Chun faisnéis maidir lena riosca ráta úis sa leabhar baincéireachta a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XXVIII a chur isteach ar bhonn aonair agus comhdhlúite, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar síos in Iarscríbhinn XXIX, de réir na minicíochtaí seo a leanas, ag brath ar chineál na dtreoracha tuairiscithe:
(a)
tá teimpléad 1 le cur isteach ar bhonn ráithiúil ag gach institiúid;
(b)
tá teimpléid 2, 5 agus 8 le cur isteach ar bhonn ráithiúil ag institiúidí móra;
(c)
tá teimpléid 3 agus 6 le cur isteach ar bhonn ráithiúil ag institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad;
(d)
tá teimpléid 4 agus 7 le cur isteach ar bhonn ráithiúil ag institiúidí beaga neamhchasta;
(e)
tá teimpléad 9 le cur isteach ar bhonn ráithiúil ag institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad agus ag institiúidí beaga neamhchasta;
(f)
tá teimpléad 10 le cur isteach ar bhonn bliantúil ag institiúidí móra;
(g)
tá teimpléad 11 le cur isteach ar bhonn bliantúil ag institiúidí nach institiúidí móra ná institiúidí beaga neamhchasta iad agus ag institiúidí beaga neamhchasta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|