+Airteagal 18 Tuairisciú ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 18 Tuairisciú ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 18

Tuairisciú ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite

Agus faisnéis ar mheadarachtaí faireacháin leachtachta breise á tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí faisnéis a chur isteach mar a leanas:

(a) 

de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (146), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí móra an fhaisnéis a leagtar amach i dteimpléad 66.1 d’Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach ar bhonn minicíochta míosúla i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXIII a ghabhann leis an Rialachán seo, teimpléid 67, 68, 69 agus 70 d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus teimpléad 71 d’Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b) 

de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (145), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh institiúidí beaga agus neamhchasta an fhaisnéis a leagtar amach i dteimpléad 66.1 in Iarscríbhinn XXII a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach ar bhonn minicíochta ráithiúla i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXIII a ghabhann leis an Rialachán seo, teimpléad 67 d’Iarscríbhinn XVIII a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX a ghabhann leis an Rialachán seo agus teimpléad 71 d’Iarscríbhinn XX a ghabhann leis an Rialachán seo i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI a ghabhann leis an Rialachán seo;

(c) 

déanfaidh institiúidí nach dtagann faoi réim raon feidhme phointí (a) agus (b) an fhaisnéis a leagtar amach i dteimpléad 66.1 d’Iarscríbhinn XXII a chur isteach ar bhonn minicíochta míosúla i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXIII, teimpléid 67, 68, agus 69 d’Iarscríbhinn XVIII i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX agus teimpléad 71 d’Iarscríbhinn XX i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXI.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
  • EULAW_LV -

    EULAW_LV