1. De mhaolú ar Airteagal 36, maidir le gaolmhaireachtaí comhfhreagracha trasteorann a bhaineann le seirbhísí cripteashócmhainní a fhorghníomhú, le heintiteas is freagróir nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní, ceanglófar ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 20, agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht gnó:
|
(a)
|
a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas is freagróir ceadúnaithe nó cláraithe;
|
|
(b)
|
faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin eintiteas is freagróir chun cineál ghnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáilíocht na maoirseachta agus cáil an eintitis a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;
|
|
(c)
|
measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT an eintitis is freagróir;
|
|
(d)
|
formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar an ghaolmhaireacht chomhfhreagrach nua;
|
|
(e)
|
freagrachtaí faoi seach gach páirtí sa ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhoiciméadú;
|
|
(f)
|
maidir le cuntais cripteashócmhainní iníoctha, a bheith sásta gur fhíoraigh an t-eintiteas is freagróir céannacht na gcustaiméirí ag a bhfuil rochtain dhíreach ar chuntais an eintitis chomhfhreagraigh agus go ndearna sé dícheall cuí leantach ar na custaiméirí sin, agus go bhfuil sé ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don eintiteas is freagróir arna iarraidh sin.
|
I gcás ina gcinneann soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gaolmhaireachtaí comhfhreagracha a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas AML/CFT, déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú.
Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis maidir le dícheall cuí don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta nó nuair a thagann rioscaí nua chun cinn i ndáil leis an eintiteas is freagróir.