+Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
---+Airteagal 33 5
---+Airteagal 33 6
---+Airteagal 33 7
---+Airteagal 33 8
---+Airteagal 33 9
---+Airteagal 33 10
---+Airteagal 33 11
|
Airteagal 33 Ceanglais bhunriachtanacha maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, sásraí comhroinnte sonraí agus seirbhísí chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1
|
1. Rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile, comhlíonfaidh siad na ceanglais bhunriachtanacha seo a leanas chun idir-inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, chomh maith le spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a éascú, ar creataí idir-inoibritheacht sainchuspóireacha nó earnála nó trasearnála do chaighdeáin agus do chleachtais choiteanna iad chun sonraí a chomhroinnt nó a phróiseáil go comhpháirteach chun, inter alia, táirgí agus seirbhísí nua, taighde eolaíoch nó tionscnaimh na sochaí sibhialta a fhorbairt:
|
(a)
|
I gcás inarb infheidhme, déanfar tuairisc leordhóthanach ar inneachar an tacair sonraí, ar shrianta úsáide, ar cheadúnais, ar mhodheolaíocht bailithe sonraí, ar cháilíocht agus ar neamhchinnteacht sonraí i bhformáid mheaisín-inléite ionas go mbeidh an faighteoir in ann na sonraí a aimsiú, a rochtain agus a úsáid;
|
|
(b)
|
I gcás go mbeidh fáil orthu, déanfar tuairisc ar struchtúir sonraí, formáidí sonraí, stóir focal, scéimeanna aicmithe, tacsanomaíochtaí agus códliostaí ar bhealach comhsheasmhach atá ar fáil go poiblí;
|
|
(c)
|
déanfar tuairisc leordhóthanach ar na modhanna teicniúla chun rochtain a fháil ar na sonraí, amhail comhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, mar aon lena dtéarmaí úsáide agus cáilíocht a seirbhíse le gur féidir sonraí a rochtain agus a tharchur go huathoibríoch idir páirtithe, lena n-áirítear go leanúnach, in oll-íoslódáil, nó i bhfíor-am, i bhformáid mheaisín-inléite i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus nach gcuireann sé isteach ar dhea-fheidhmiú an táirge nasctha;
|
|
(d)
|
i gcás inarb infheidhme, soláthrófar na modhanna chun idir-inoibritheacht uirlisí a chumasú chun feidhmiú comhaontuithe comhroinnte sonraí a uathoibriú, amhail conarthaí cliste.
|
D’fhéadfadh cineál cineálach a bheith ag baint leis na ceanglais sin nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le hearnálacha ar leith, agus an t-idirghaol le ceanglais a thagann ó dhlí eile de chuid an Aontais nó ó dhlí náisiúnta á gcur san áireamh go hiomlán.
|
|
Airteagal 33 2
|
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 45 den Rialachán seo chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, i ndáil leis na ceanglais sin nach féidir, de bharr a gcineáil, an éifeacht bheartaithe a bheith acu mura ndéanfar iad a shonrú tuilleadh i ngníomhartha dlí ceangailteacha de chuid an Aontais agus chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú i gceart.
Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún comhairle EDIB i gcomhréir le hAirteagal 42, pointe (c)(iii) san áireamh.
|
|
Airteagal 33 3
|
3. Measfar go bhfuil rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe nó codanna díobh, agus a bhfuil a dtagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin choimhchuibhithe sin nó le codanna díobh.
|
|
Airteagal 33 4
|
4. Iarrfaidh an Coimisiún, de bhun Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú a chomhlíonann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 33 5
|
5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí coiteanna a ghlacadh lena gcumhdófar aon cheann nó gach ceann de na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
|
(a)
|
gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú lena gcomhlíontar na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo agus:
|
(i)
|
nár glacadh leis an iarraidh;
|
|
(ii)
|
nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sheachadadh laistigh den spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
|
|
(iii)
|
nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
|
|
|
(b)
|
nach bhfuil aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
|
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 46(2).
|
|
Airteagal 33 6
|
6. Sula n-ullmhóidh sé dréachtghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, cuirfidh an Coimisiún an coiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ar an eolas go measann sé go bhfuil na coinníollacha i mír 5 den Airteagal seo comhlíonta.
|
|
Airteagal 33 7
|
7. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Coimisiún san áireamh comhairle EDIB agus tuairimí comhlachtaí nó grúpaí saineolaithe ábhartha eile agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
|
|
Airteagal 33 8
|
8. Na rannpháirtithe i spásanna sonraí a thairgeann sonraí nó seirbhísí sonraí do rannpháirtithe eile i spásanna sonraí a chomhlíonann na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 nó codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin le sonraíochtaí coiteanna den sórt sin nó le codanna díobh.
|
|
Airteagal 33 9
|
9. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún chun críche a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE)1025/2012. I gcás ina bhfoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, nó codanna díobh a chumhdaíonn na ceanglais bhunriachtanacha chéanna a chumhdaítear leis an gcaighdeán comhchuibhithe sin.
|
|
Airteagal 33 10
|
10. Nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar síos i mír 1 ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.
|
|
Airteagal 33 11
|
11. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh agus an togra ó EDIB á chur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 30, pointe (h), de Rialachán (AE) 2022/868 lena leagtar síos creataí idir-inoibritheacha do chaighdeáin agus cleachtais choiteanna maidir le feidhmiú spásanna coiteanna sonraí Eorpacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|